Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Aidhmeanna

Aidhmeanna na Scoile

Tá sé mar aidhm againn i nGaelscoil Thaobh na Coille

sár-oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil.

Déanfar é seo trí:

  • Dearcadh dearfach agus grá don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach a spreagadh sna daltaí.
  • Cúram cuí a dhéanamh de gach gné den churaclam : na Teangacha, an Ghaeilge agus an Béarla; Matamaitic; Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta; Oideachas Ealaíon; Corpoideachas; Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte; agus Oideachas Reiligiúnach.
  • Iarracht a dhéanamh a chur ar chumas na ndaltaí ard-chaighdeán a bhaint amach i nGaeilge agus i mBéarla ar fhágáil na scoile dóibh.
  • Chuile dheis a thabhairt do na daltaí ardchaighdeán a bhaint amach sa léitheoireacht, sa scríbhneoireacht agus sa ríomhadh.
  • Suímh a chruthú inar féidir leis na daltaí iad féin a chur in iúl i meáin dhifriúla – mar shampla ceol, ealaín, spórt, rince, drámaíocht srl.

 Sainaidhmeanna

  • Go mbainfidh an dalta taitneamh as a s(h)aol scoile.
  • Go lorgófar ardcaighdeán iompair. Go ndéanfar cinnte de go mbeidh an dalta i gcónaí séimh agus  béasach le daltaí eile, le múinteoirí eile agus le cuairteoirí, ionas go mbeidh atmaisféar deas comhoibritheach sa scoil. (féach cód smachta)
  • Go ndéanfar féin-mhuinín an dalta a fhorbairt.
  • Go ndéanfar forbairt ar scileanna maithe idirphearsanta.
  • Go gcuirfear béim ar éisteacht ionas go mbeidh na daltaí in ann éisteacht go haireach agus go tuisceanach.
  • Go gcuirfear béim ar chumarsáid chruinn, éifeachtach agus mhisniúil.
  • Go mbainfidh na daltaí amach an caighdeán is airde de réir a gcumais féin