Cosaint Leanaí

Ráiteas um Chumhdach Leanaí

07 Márta 2022

Gaelscoil mheasctha Chaitliceach, dháshruthach is ea Gaelscoil Thaobh na Coille a chuireann oideachas bunscoile ar fáil trí mheán na Gaeilge ó na Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang a Sé.

De réir cheanglais an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2017, an Aguisín a ghabhann le Tús Áite do Leanaí (2019), na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 agus Treoir Tusla maidir leis na Ráitis um Chumhdach Leanaí a ullmhú, chomhaontaigh Bord Bainistíochta Gaelscoil Thaobh na Coille an Ráiteas um Chumhdach Leanaí atá leagtha amach sa doiciméad seo.

1     Tá an Bord Bainistíochta tar éis Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí na Roinne do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna 2017 a ghlacadh agus déanfaidh sé iad a chur chun feidhme go hiomlán agus gan iad a mhodhnú mar chuid den Ráiteas foriomlán um Chumhdach Leanaí

2     Is í: Emer Nic Chonchradha an Teagmhálaí Ainmnithe (TA)

3     Is é: Tomás Mac Uileagóid an Leas-Teagmhálaí Ainmnithe (Leas-TA)

4     Aithníonn an Bord Bainistíochta go mbaineann cúinsí cosanta agus leasa leanaí trí gach gné de shaol na scoile agus go gcaithfear iad a léiriú i mbeartais, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí uile na scoile. Comhlíonfaidh an scoil, ina cuid beartas, nósanna imeachta, cleachtais agus gníomhaíochtaí, na prionsabail a leanas maidir le dea-chleachtas i gcosaint agus leas leanaí:

Déanfaidh an scoil an méid a leanas:

aithneoidh sí go bhfuil cosaint agus leas leanaí thar a bheith tábhachtach, beag beann ar gach breithniú eile;

comhlíonfaidh sí go hiomlán a hoibleagáidí reachtúla faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus comhlíonfaidh sí reachtaíocht ábhartha eile a bhaineann le cosaint agus leas leanaí;

comhoibriú go hiomlán leis na húdaráis reachtúla ábhartha maidir le cosaint leanaí agus cúrsaí leasa;

cleachtais shábháilte a ghlacadh chun an fhéidearthacht go dtarlódh díobháil nó timpistí do leanaí a íoslaghdú agus chun oibrithe a chosaint ar an ngá le rioscaí neamhriachtanacha a ghlacadh a d’fhéadfadh iad féin a fhágáil ar oscailt do chúiseamh mí-úsáide nó faillí;

cleachtas oscailteachta a fhorbairt le tuismitheoirí agus rannpháirtíocht tuismitheoirí in oideachas a gcuid leanaí a spreagadh; agus

urraim iomlán a bheith acu ar cheanglais rúndachta agus iad ag déileáil le cúrsaí maidir le cosaint leanaí.

5     Comhlíonfaidh an scoil na prionsabail thuas freisin maidir le haon scoláire fásta atá faoi leochail speisialta. Tá na nósanna imeachta/beartais seo a leanas i bhfeidhm:

Maidir le haon bhall foirne atá ina (h)ábhar fiosrúcháin (pé cur síos a dhéantar air) maidir le haon ghníomh, le haon neamhghníomh, nó le haon chás, maidir le haon pháiste atá ag freastal ar an scoil, cloíonn an scoil leis na nósanna imeachta leagtha amach i gCaibidil a 7 de na Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna 2017 agus leis na nósanna imeachta ábhartha smachta aontaithe do bhaill foirne scoile atá foilsithe ar shuíomh idirlín na ROS

Maidir le roghnú nó earcú na mball agus lena n-oiriúnacht chun obair le páistí, cloíonn an scoil le riachtanais ghrinnfhiosraithe reachtúla an Achta BGN (Leanaí agus daoine soghonta) 2012 go 2016 agus le treoir níos forleithne dhualgas chúraim leagtha amach i gciorcláin ábhartha na nGardaí um ghrinnfhiosrú agus um earcú atá foilsithe ag an ROS agus ar fáil ar shuíomh idirlín na ROS.

Maidir le soláthar an eolais agus, nuair is gá, teagaisc agus oiliúna don fhoireann maidir le déanamh díobhála a aithint (mar a shainmhínítear san Acht 2015), déanann an scoil;

Cóip de Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile a sholáthar do na baill foirne ar fad.

Cinnte de go ndéantar cóip de Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile a sholáthar do gach ball foirne nua

An fhoireann a spreagadh leas a bhaint as oiliúint ábhartha

Baill an Bhoird Bhainistíochta a spreagadh chun leas a bhaint as oiliúint ábhartha

(faoi chúram an Bhoird Bhainistíochta) taifead a choimeád d’oiliúint na mball agus bhaill foirne an Bhoird Bhainistíochta.

Maidir le tuairisciú buarthaí faoi chosaint leanaí do Tusla, tá ceangal ar gach ball foirne scoile cloí leis na nósanna imeachta atá leagtha amach sna Nósanna Imeachta maidir le Cosaint Leanaí i mBunscoileanna agus in Iarbhunscoileanna 2017, i gcás múinteoirí cláraithe, na cinn sinn a bhaineann le tuairsciú sainordaithe faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015, san áireamh.

Sa scoil seo, tá an TA thuasainmnithe ceaptha ag an mBord mar an duine ábhartha (mar a shainmhínítear san Acht um Thús Áite do Leanaí 2015) le bheith ina chéadphointe teagmhála maidir le Ráiteas um Chumhdach Leanaí na scoile.

Tá gach aon mhúinteoir cláraithe fostaithe ag an scoil ina nduine faoi shainordú faoin Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.

De réir an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015, tá an Bord tar éis measúnacht priacail a dhéanamh ar an bhféidearthacht díobhála do pháistí agus iad ag freastal ar scoil nó ag glacadh páirte in imeachtaí na scoile. Tá measúnacht scríofa a leagann amach na réimsí priacail aitheanta agus na nósanna imeachta chun na priacail sin a bhainistiú ceangailte mar aguisín leis na nósanna seo.

Tá fáil ar na nósanna imeachta éagsúla a ndéantar tagairt dóibh sa Ráíteas seo ar shuíomh idirlín na scoile, ar shuíomh idirlín na ROS nó ar fáil ó scoil ach é a iarraidh.

Nóta: Níl an méid thuasluaite le bheith ina liosta uileghabhálach. Cuimseoidh Boird Bhainstíochta éagsúla nósanna imeachta/beartais eile a bhaineann le hábhar sa scoil atá i gceist.

6    Foilsíodh an ráiteas seo ar shuíomh gréasáin na scoile agus cuireadh ar fáil é do gach ball de phearsanra na scoile, do Chumann na dTuismitheoirí (más ann dó) agus don phátrún. Tá sé inrochtana go héasca ag tuismitheoirí agus caomhnóirí ach é a iarraidh. Cuirfear cóip den Ráiteas seo ar fáil do Tusla agus don Roinn má iarrtar sin.

7      Déanfar an Ráiteas um Chumhdach Leanaí a athbhreithniú ar bhonn bliantúil nó a luaithe is indéanta tar éis athrú ábhartha a bheith ann in aon ábhar dá dtagraíonn an ráiteas seo.

Ghlac an Bord Bainistíochta an Ráiteas seo um Chumhdach Leanaí ar 05/03/2018

Rinne an Bord Bainistíochta athbhreithniú ar an Raiteas um Chumhdach Leanaí ar an 07/03/2022

Sínithe: Máire Mac Gabhann                                                  Sínithe: Emer Nic Chonchradha

Cathaoirleach an Bhoird Bhainistíochta                               Príomhoide/Rúnaí an Bhoird Bhainistíochta

Dáta: 07/03/2022                                                                     Dáta: 07/03/2022

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

Cáipéisí an Pholasaí

CUARDACH



ROGHA TEANGA