Craobh Peile 2013

Comhgháirdeachas ollmhór le foireann peile na mbuachaillí as an gcraobh chluiche a bhaint amach & sár-chluiche a imirt i gCorn Chlanna Gael  i bPáirc an Chrócaigh ar an 05/11/2013.

Tá’s agam go raibh an-díomá orthu féin nár éirigh leo an ceann is fearr a bhaint amach ar   Ghaelscoil Chluain Dolcáin ar an lá ach bhíomar an-bhródúil astu agus an tslí inar lean siad orthu ag imirt le dícheal, díogras & le sár-spiorad.

Bhí foireann agus painéal an-óg againn i mbliana agus mar a deir an sean-fhocal ‘Beidh lá eile ag an bPaorach’.

Gabhaimíd buíochas speisialta  leis  na múinteoirí a thugann a gcuid ama & a gcuid fuinnimhe go flaithiúil leis an traenáil a dhéanamh i ndiaidh am scoile. S’iad siúd Máirín Ní Dhubhthaigh, Maoilíosa Ó Dubhthaigh (buachaillí) agus Máire Mhic Gabhann & Eavan Ní Mhuirgheasa (cailíní).

CUARDACH



ROGHA TEANGA