Osclaíonn an scoil ag : 8.50am Gach rang
Críochnaíonn an scoil ag : 1.30pm Naíonáin shóisearacha & shinsearacha
2.30pm Rang 1 go dtí Rang 6
183 lá an uas-mhéid lá sa bhliain scoile.
Tosaíonn an bhliain scoile ar an gcéad lá seachtaine de Mheán Fómhair.
Bíonn an scoil dúnta do shaoire an tsamhraidh i mí Iúil agus mí Lúnasa
Cuirtear liosta laethanta saoire na bliana ar fáil do na tuismitheoirí / caomhnóirí sa chéad téarma.
Téann na naíonáin shóisearacha abhaile ag a 12.00 a chlog ar feadh coicíse nuair a thosaíonn siad ar scoil i mí Meán Fómhair.
Polasaí maidir le daltaí a fhágáil ar scoil ar maidin agus a bhailiú ón scoil ag deireadh an lae.
Osclaíonn an scoil do na daltaí ag 8.50am. Ní ghlactar freagracht as daltaí a thagann roimh an t-am sin. Críochnaíonn an lá scoile gach lá ag 2.30pm ach i gcás na naíonáin a théann abhaile ag 1.30ipm. Ba chóir do na tuismitheoirí socruithe a dhéanamh a bpáistí a bhailiú ag an áit bhailithe, agus an duine a bhéas á mbailiú a bheith ag an scoil roimh nó ag 2.30pm mar nach féidir leis an scoil freagracht a ghlacadh as páiste ar bith i ndiaidh an ama sin.