Cruinnithe

Cruinnithe Tuismitheoirí / Múinteoirí

Cuirtear fáilte roimh thuismitheoirí/chaomhnóirí teacht isteach chun na scoile chun deacrachtaí nó fadhbanna atá ag a bpáiste a phlé leis an múinteoir nó leis an bpríomhoide.

Iarrtar ar an  tuismitheoir/caomhnóir coinne a dhéanamh roimh ré ionas go mbeidh an múinteoir agus an tuismitheoir / caomhnóir in ann cúrsaí a phlé gan aon chur isteach.

Má tá teachtaireacht le tabhairt ag tuismitheoir / caomhnóir don múinteoir nó do pháiste le linn an ranga, iarrtar go ndéanfaí é trí Ghaeilge.

Eagraítear cruinnithe aonair tuismitheoirí / múinteoirí sa chéad téarma.

Seoltar tuairisc scríofa chuig tuismitheoirí / caomhnóirí i Mí an Mheithimh.

CUARDACH



ROGHA TEANGA