Cuirtear na leabhar-liostaí don scoilbhliain dár gcionn ar fáil sa triú téarma.
Is iad na múinteoirí a roghnaíonn na téacsleabhair.
Is féidir na leabhair scoile a cheannach tríd an scoil.
Iarrtar ar na tuismitheoirí / caomhnóirí costas na leabhar a thabhairt chun na scoile ar laethanta faoi leith agus ordaíonn an scoil na leabhair ó na soláthróirí.
Faigheann na daltaí na leabhair i mí Méan Fomhair nuair a fhilleann siad ar an scoil.
Is féidir leis na tuismitheoirí / caomhnóirí na leabhair a cheannach iad féin más mian leo
Bíonn scéim iasachta i gceist leis na leabhair léitheoireachta, Gaeilge agus Béarla, ó rang na naíonáin
shinsearcha go dtí rang a dó. Lorgaítear leathchostas na leabhar air seo.
Iarrtar ar thuismitheoirí / caomhnóirí na leabhair ar fad a chlúdach agus ainm iomlán an pháiste a scríobh orthu i nGaeilge.
Fágtar na leabhair ar scoil den chuid is mó, ach amháin leabhair a bheidh ag teastáil ó na daltaí don obair bhaile agus na leabhair léitheoireachta.