Scór na bPáistí

Comhgháirdeas leis na daltaí ar fad ó R4, R5 & R6 a ghlac páirt i Scór na bPáistí i gClub CLG Naomh Olaf ar an 05 Feabhra 2014.  Thart ar 55 dalta ar fad a ghlac páirt ‘sna comórtais éagsúla idir Rince Fóirne, Rince Seite, Amhránaíocht Aonair, Aithriseoireacht, Ceol Uirlise, & Bailéad Ghrúpa. Tá ard-mholadh ag dul do gach duine acu as cé chomh maith is a bhí siad ar an lá. Mar bharr ar sin thugadar 4 sciath & Corn ar ais abhaile leo!

Bhuaigh Jack Breathnach an comórtas amhránaíocht aonair, bhuaigh Conor Ó Deaghaigh, Conor Ó Coigligh, Cian Ó Cathasaigh, Dónall Mac Duinnshléibhe & Dara Mac Gabhann ó R6 an comórtas Ceol Uirlise, bhuaigh Morgan Mac an Chléirigh, Alex Binley, Breandán Ó Conaill, Ciarán Mac Gabhann, Emma Ní Bhraonáin, Rachel Ní Thnúthail, Saoirse Ní Bhroin & Rachel Ní Lionnáin ó rang a 5 an comórtas rince seite agus bhuaigh Laura Ní Chuinneagáin, Dónaill Mac Duinnshléibhe, Cian Ó Cathasaigh & Cara Ní Bhroin ó R6 an comórtas rince fóirne.

Tá moladh faoi leith ag dul do dhaltaí R4 a bhí san iomaíocht don chéad uair i mbliana. Bhíodar thar barr ar fad agus bhíomar an-bhródúil go deo astu.

 17 Feabhra 2014

CUARDACH



ROGHA TEANGA