Taispeántas Ealaíne

Bhí Taispeántas Ealaíne againn sa scoil ar an Luan an 3 Márta 2014.

Bhí saothar ealaíne frámaithe ann ó gach dalta sa scoil – ó dhaltaí i rang na naíonáin go daltaí rang a sé.

Thug na daltaí ar fad cuairt ar an dtaispeántas i rith an lae agus bhaineadar ar fad an-taithneamh as a bheith ag féachaint ar an bpictiúr féin agus pictiúir a gcairde ar crochadh ar an mballa.

Tugadh cuireadh do thuismitheoirí na scoile teacht chun an taispeántas a fheiceáil sa tráthnóna óna 6pm – 8pm.

Bhí freastal íontach mhaith ar an ocáid ealaíne seo agus bhí oíche shóisialta, thaithneamach ag cách.

Tá na griangrafanna ranga a glacadh ag an dtaispeántas ealíne le feiceáil i rannóg na ndaltaí

(Daltaí – Griangrafanna Ranga)

Márta 2014

CUARDACH



ROGHA TEANGA