AN GHAEILGE
- Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na páistí, an bhainistíocht agus na tuismitheoirí / caomhnóirí (nuair is féidir é ) i nGaelscoil Thaobh na Coille.
- Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil laistigh agus lasmuigh de na ranganna, sa chlós agus i dtimpeallacht na scoile.
- Is í an Ghaeilge an teanga chumarsáide ag ócáidí sóisialta, ócáidí spóirt nó drámaíochta nó aon imeachtaí eile ar a bhfreastalaímid mar scoil.
- Cuirtear fáilte roimh gach páiste sa scoil is cuma cén cúlra teanga atá acu. Is i nGaeilge amháin a labhraítear leis an bpáiste nuair a thagann sé/sí ar scoil den chéad uair agus uaidh sin amach. Is é an córas luath-thumoideachas iomlán atá i bhfeidhm sa scoil agus ní thosaítear ar an mBéarla a theagasc go dtí go mbíonn an páiste ‘sna naíonáin shinsearacha.
- Iarraimid ar thuismitheóirí / chaomhnóirí agus gach duine eile a bhíonn bainteach leis an scoil cuidiú linn agus muid cruthú ‘Gaeltacht’ inár scoil agus inár dtimpeallacht.
- Molaimid go mór iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a labhairt sa bhaile nuair is féidir, is cuma muna mbíonn ann ach an cúpla focal, nathanna cainte nó abairtí anseo is ansiúd. Is mór an chabhair dúinne agus don pháiste má bhíonn dearcadh dearfach i leith na Gaeilge le sonrú sa bhaile chomh maith leis an scoil.
- Má theastaíonn ó thuismitheoir / chaomhnóir labhairt leis an múinteoir ranga le linn ranga, caithfidh sé/sí a bheith sásta Gaeilge a labhairt.
POLASAÍ LABHAIRT NA GAEILGE
Aidhmeanna na Scoile
Tá sé mar aidhm againn i nGaelscoil Thaobh na Coille ár ndícheall a dhéanamh sár-oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil. Ba mhaith linn dearcadh dearfach agus grá don Ghaeilge agus don chultúr Gaelach a spreagadh sna daltaí. Má tá scoil chun an caighdeán is fearr a bhaint amach, ní mór di struchtúr éifeachtach a cheapadh, a spreagann iompar dearfach agus a chuireann daltaí ó mhí-iompar. Cuirtear níos mó béime sa scoil ar dhúthracht ná ar oilbhéas. É sin ráite, is gá modhanna smachta áirithe a chur i bhfeidhm scaití, chun dea-thoil agus dea-dhearcadh na scoile a chaomhnú agus chun an mí-iompar a chur as ceann aon dalta a mbeadh an claonadh sin ann. Tuigeann muintir na scoile áfach, nach ionann aon dá pháiste agus go ndéantar eisceacht anois is arís dá bharr.
An Ghaeilge
Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na páistí, an bhainistíocht agus na tuismitheoirí / caomhnóirí (nuair is féidir é) i nGaelscoil Thaobh na Coille.
- Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil laistigh agus lasmuigh de na ranganna, sa chlós agus i dtimpeallacht na scoile.
- Is í an Ghaeilge an teanga chumarsáide ag ócáidí sóisialta, ócáidí spóirt nó drámaíochta nó aon imeachtaí eile ar a bhfreastalaímid mar scoil.
- Iarraimid ar thuismitheóirí / chaomhnóirí agus gach duine eile a bhíonn bainteach leis an scoil cuidiú linn agus muid cruthú ‘Gaeltacht’ inár scoil agus inár dtimpeallacht.
Rialacha na Scoile
‘Sí riail na Gaeilge an chéad riail a leagtar síos i rialacha scoile na ndaltaí (féach dialann obair bhaile)
- Is í an Ghaeilge teanga na scoile. Labhair í i gcónaí, sa seomra ranga, sa chlós agus ag imeachtaí scoile.
Modhanna Smachta
Seo a leanas an próiseas a úsáidtear chun déileáil le dalta a bhíonn ag labhairt i mBéarla sa scoil nó ag imeachtaí scoile.
- Labhairt leis an dalta agus comhairle a chuir air/uirthi
- Labhairt leis an dalta agus píonós a ghearradh air/uirthi.
- An dalta a thógáil os comhair an phríomhoide chun an cás a phlé.
- Teagmháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí/caomhnóirí, d’fhonn iad a chur ar an eolas agus tacaíocht a fháil.
- Cuireadh a thabhairt do na tuismitheoirí/caomhnóirí bualadh leis an múinteoir ranga agus an príomhoide.
- Cuireadh a thabhairt do na tuismitheoirí/caomhnóirí teacht chuig cruinniú le Cathaoirleach an Bhoird agus an príomhoide.
- An dalta a chur ar fionraí.
Cliceáil ar na ceangaltán thíos le tuilleadh eolais a fháil:
Polasaí Gaeilge Ghaelscoil Thaobh na Coille
Polasaí Labhairt na Gaeilge Ghaelscoil Thaobh na Coille