Córfhéile 2014

Ghlac banna ceoil agus rinceoirí Ghaelscoil Thaobh na Coille páirt i gCórfhéile 2014.

Suas le dhá scór dalta a bhí sa bhanna ceoil agus meascán maith uirlisí idir feadóga stáin, feadóga móra, veidhlíní, bosca ceoil, mandailín, consairtín, píb agus bodhrán.

Chasadar fonn mall le comhcheol agus roinnt ceol rince agus bhíodar an-sásta leis an gcur i láthair.

I dtreo dheireadh na hoíche tháinig rinceoirí seite na scoile ar an árdan.

Bhí dhá seit acu agus iad ag tabhairt faoi Sheit Caisil a dhéanamh!

Ar mh’anam bhain siad lasracha as an stáitse!

Buíochas mór leis na múinteoirí a d’ullmhaigh iad don ócáid, Eavan Ní Mhuirgheasa, Úna Ní Fhlatharta agus Tomás Mac Uileagóid.

Márta 2014

CUARDACH



ROGHA TEANGA