Eagraíodh Céilí Mór sa scoil ar an Déardaoin an 13 Márta mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge agus Féile Naomh Pádraig.
Tá an scoil éirithe chomh mór sin anois go mb’éigean dúinn an scoil a roinnt ina dhá leath agus dhá chéilí a bheith againn.
An chéad cheann leis na ranganna seo a leanas : N1A, N2A, R1A, R2A, R3A, R4 & R6 agus an dara ceann leis na ranganna seo a leanas : N1B,N1C, N2B, R1B, R2B, R3B & R5.
Thug na daltaí ó na ranganna sinearacha na daltaí óga amach chun ‘Ionsaí na hInse’ a rince.
An bhfuil sibh réidh?
Ar aghaidh linn!
Bhí na naíonáin bheaga amuigh ar an urlár agus iad ag rince!
Cosa in airde!
Buíochas ó chroí lenár múinteoir rince Nuala Ní Eochaidh as an obair ar fad a dhéanann sí leis na daltaí i rith na bliana – nár laga Dia thú a Nuala.
Márta 2014