Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Céilí MórCéilí Mór

Eagraíodh Céilí Mór sa scoil ar an Déardaoin an 13 Márta mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge agus Féile Naomh Pádraig.

Tá an scoil éirithe chomh mór sin anois go mb’éigean dúinn an scoil a roinnt ina dhá leath agus dhá chéilí a bheith againn.

An chéad cheann leis na ranganna seo a leanas : N1A, N2A, R1A, R2A, R3A, R4 & R6 agus an dara ceann leis na ranganna seo a leanas : N1B,N1C,  N2B, R1B, R2B, R3B & R5.

Thug na daltaí ó na ranganna sinearacha na daltaí óga amach chun ‘Ionsaí na hInse’ a rince.

An bhfuil sibh réidh?

Ar aghaidh linn!

 

Bhí na naíonáin bheaga amuigh ar an urlár agus iad ag rince!

Cosa in airde!

Buíochas ó chroí lenár múinteoir rince Nuala Ní Eochaidh as an obair ar fad a dhéanann sí leis na daltaí i rith na bliana – nár laga Dia thú a Nuala.

Márta 2014

A ‘Céilí Mór’ was held in the school on Thursday the 13th of March as part of our celebration of ‘Seachtain na Gaeilge’ and ‘Féile Naomh Pádraig’.

The school has grown so big that we had to hold two ceilís in order to accommadate all our pupils. Classes N1A, N2A, R1A, R2A, R3A, R4 & R6 were at the first céilí and classes N1B, N1C, N2B, R1B, R2B, R3B & R5 were at the second one.

The  pupils from the senior classes took the younger pupils out on the dance floor.

An bhfuil sibh réidh – are you ready?

Ar aghaidh linn – off we go!

The junior infants took to the floor with great gusto!

Cosa in airde!

Buíochas to our múinteoir rince Nuala Ní Eochaidh for the great work she does with the pupils  year in, year out. Go raibh maith agat a Nuala.

Márta 2014