Ag tús comórtas Chorn Uí Néill ní rabhamar ag súil go n-éireodh leis an bhfoireann scoile s’againne dul chomh fada leis an gcraobh. Toisc gur comórtas sóisir atá ann is as rang a cúig a tháinig formhór na h-imreoirí a bhíonn sa léig seo de gnáth agus níl againne i R5 i nGaelscoil Thaobh na Coille ach dechniúr buachaill i mbliana ( ochtar a imríonn iománaíocht). Bhí grúpa beag iománaithe ó rang 6 in ann imirt ar an bhfoireann mar go raibh siad óg ach bhí an chuid eile den fhoireann déanta suas de dhaltaí ó rang a ceathair. Ach mar a deir an seanfhocal ‘ní mar a shíltear a bhítear’!#
Sa chéad cluiche léige i gcoinne Bunscoil Divine Word thosaigh an foireann go mall ach ar deiredh bhí bua éasca go maith acu. Bhí go leor comharthaí dearfacha le feiceáil agus ba léir go raibh spiorad láidir i measc na n-imreoirí. D’imigh an léig ar aghaidh agus bhí feabhas suntasach le feiceáil le gach cluiche. Bhí na tacaithe ag obair mar aonad le Fiachra ó Súilleabháin agus Daniel Mac Eoin ag tabhairt spreagadh do na h-imreoirí timpeall orthu ar an bpáirc. Bhí na tosaithe ag scóráil níos rialta agus bhí an grúpa iománaithe seo ag breathnú níos mó agus níos mó mar fhoireann.
Is sa chluiche deirneach léige i gcoinne Bunscoil Naomh Attracta gur thaispeáin an fhoireann seo céard a bhí iontu mar iománaithe agus mar dhaoine. Thaispeáin siad fíor bhród i ngeansaí na scoile nuair a tháinig siad ar ais ag deireadh an chluiche le comhscór a fháil. Chinntigh sé seo go raibh siad sa chéad áit sa léig agus go mbeadh an cluiche leath chraobha níos éascaí acu. Bhuaigh siad an cluiche sin i gcoinne Scoil Naomh Mhuire as Tamhlacht le scór mór agus bhí an craobh sroichte acu. Bhí na páistí tar éis traenáil go crua agus obair go crua le lá mór a bheith acu i bPáirc an Chrócaigh. Níl aon dabht ach go raibh an lá seo tuilte ag gach uile imreoir as an gceathrar is fiche a bhí ar an bpainéal.
Craobh Corn Uí Néill : Páirc an Chrócaigh: Luan 24 Bealtaine 2010
Bhí cluiche den scoth ann sa chraobh i gcoinne Scoil Naomh Attracta. Chuir gach imreoir 100% iarrachta agus níos mó isteach. Thaispeáin na páistí an spiorad a bhí iontu ós comhair an lucht leanúna íontach a bhí ann idir pháistí, tuismitheoirí agus múinteoirí ón scoil. Sa deireadh ní raibh ach pointe amháin idir an dá fhoireann tar éis am bhreise. Cé gur chaill foireann na scoile an chluiche bhí siad in ann siúl isteach sa seomra gléasta ina dhiaidh le deora sna súile ach leis na cloigeanacha go h-ard san aer. Bhí a fhios acu go raibh siad i ndiaidh gach uile braon fuinnimhe a fhágáil ar an bpáirc.
Tá na páistí ar fad ó uimhir a 1 go 24 le moladh go h-ard agus tá mé cinnte go mbeidh roinnt acu le feiceáil amach anseo ag caitheamh geansaí iománaíochta Bhaile Átha Cliath. Ba phléisiúr é a bheith bainteach leis an ngrúpa páistí seo.
Cormac Chambers