

COMÓRTAS PÓSTAER An Sirriam Sábháilte : R1 sa CHRAOBH NÁISIÚNTA
Comhgháirdeas le páistí Rang a 1 a bhain craobh na hÉireann amach i gcomórtas Póstaer An Sirriam Sábháilte. 5 scoil ar fad a bhí sa chraobh. Ar an Mháirt an 2 Feabhra 2010 tugadh na páistí ar fad le chéile i gCaisleán B.Á.C don bhronnadh oifigiúil agus as sin ar thuras chuig an zú. Bronnadh duais €2,000 ar an scoil a tháinig sa chéad áit agus €500 an scoil ar an 4 bhuaiteoir reigiúnacha. Thug rang a 1 seic €500 abhaile leo agus shocraigh siad ar dul ar thuras go Fantasia Water World leis. Rinne gach páiste pictiúr sa seomra ranga don chomórtas agus roghnaigh an rang an ceann is fearr le cur isteach ar an gcomórtas. Maith sibh Rang a 1!
Ba iad seo a leanas a dhear an póstaer atá sa chraobh:
- Dearadh: Sarah Nic Eoin & Tess de Barra
- Dathú: Alex Ó Floinn & Aoibhe Ní Nuanáin
- Scríbhneoireacht: Beatrice Cooke