Ceolchoirm IdirGhaelscoile ar son Gaelcholáiste Átha Cliath Theas
Reachtáileadh ceolchoirm idirghaelscoile i nGaelscoil Thaobh na Coille i mí Márta mar chuid d’fheachtas le poiblíocht a fháil don bhfeachtas atá ar bun le Gaelcholáiste nua a bhunú do cheantair Bhaile Átha Cliath Theas. Daltaí ó Ghaelscoil Chnoc Liamhna, Scoil Bhríde, Scoil Mológa agus Gaelscoil Thaobh na Coille a ghlac páirt sa cheolchoirm. D’éirigh thar barr leis an gceolchoirm agus bhí an-cheol agus talainne ar fad le cloisteáil ó na scoileanna agus na daltaí go léir a bhí i láthair. Cuireadh críoch leis an gceolchoirm le banna ceoil ollmhór & gach dalta sa halla ag seinnt le chéile.
Tuile eolais & uas-dátú faoi Ghaelscoil Átha Cliath Theas ar fáil ó www.gaelcholáiste.com