Tháinig Elaine O’Connor agus Helen McLoughlan chun na scoile le ceardlann bodhránaíochta a rith do dhaltaí uile na scoile. Eagraíodh an ceardlann i halla na scoile agus bhí an deis ag gach dalta sa scoil (agus daltaí an naíonra san áireamh) seisiún leath uair a chloig a bheith acu i seinnt an bhodhráin. Bhain na daltaí ar fad ó rang na naíonáin go rang a Sé an-spórt, sult agus spraoi as an gceardlann. Bhí an bodhrán le cloisteáil ó cheann ceann na scoile agus liú agus gáire ag teacht as na daltaí.
Bhronn Elaine & Helen dhá scoláireacht ar bheirt dalta sa scoil le go bhféadfaidís freastal ar théarma de ranganna bodhráin i gComhaltas Ceoltóirí Éireann i mBaile na Manach. B’iad Sadhbh Ní Dhraighneáin ó R2 agus Shannon Ní Mhóráin Ghallchóir ó R4 a bhain na scoláireachtaí amach.