Ealaín Poiblí: Scéim an % don Ealaín
Mar chuid den togra tógála fuaireamar deontas ón Roinn Ealaín & Cultúir le coimisiniú a dhéanamh ar shaothar ealaíne don scoil. Luach 1% de chostas iomlán tógála na scoile a bhí sa deontas. D’eagraigh Bord Bainistíochta na scoile comórtas oscailte lena h’aghaidh seo agus lorgaíodh aighneachtaí ó ealaíontóirí go mbeadh spéis acu tabhairt faoina leithéid. Bheartaigh Bord Bainistíochta i gcomhairle le foireann na scoile coimisiniú a dhéanamh ar shaothar ealaíne a bheadh suite os comhair an fhoirgnimh agus cé nach raibh téama faoi leith á mholadh, theastaigh uainn go mbeadh sé ina amharcráiteas láidir den scoil.
Bhí an-spéis sa choimisiún seo agus fuaireamar iarratais ar bhreis eolais ó níos mó ná 100 ealaíontóir agus chuir 49 ealaíontóir iarratas isteach ar an gcoimisiún. Tugadh cuireadh do 4 ealaíontóir macsamhaill dá saothar ealaíne a chur i láthair an Bhord Roghnúcháin (ar a raibh 3 ealaíontóir proifisiúnta agus 2 ón mBord Bainistíochta) agus is faoin mBord Roghnúcháin a bhí sé ansin cinneadh a dhéanamh cén saothar ealaíne ab oiriúnaí dár scoil.
D’aontaigh an Bord Roghnúcháin d’aon ghuth go mba chóir an coimisiún a bhronnadh ar ealaíontóir/dealbhadóir darbh ainm Fidelma Massey. ‘Taobh na Coille’ is ainm don saothar ealaíne a chruthaigh Fidelma Massey. Dealbh cré-umha de chailín óg ag seasamh ag taobh/ imeall coille agus í ag tabhairt aghaidh ar áit dhraíochtúil, thaitneamhach, tharraingtheach. Bhain sí úsáid as 3 cúille ard déanta as cruach leis na crainn a chur in iúl agus bhain sí úsáid as géaga an chrainn le hainm na scoile a scríobh in ogham. Tá 32 éan chré-umha draíochtúil ar thomhasanna éagsúla suite ar na géaga. Is léir ón gcuma atá ar aghaidh an chailín go bhfuil sí ar bís le dul isteach i dTaobh na Coille.
Nochtaíodh an saothar ealaíne seo go hoifigiúil ar an Aoine an 16 Deireadh Fómhair 2009. Bhí daltaí agus tuismitheoirí na scoile i láthair ag an nochtadh agus Fidelma Massey í féin mar aoí speisialta ar an lá. ‘Clíona ag Taobh na Coille’ a bhaisteamar ar an saothar ealaíne in ómós do Mháire & Lorcán Mac Gabhann, bunaitheoirí Ghaelscoil Thaobh na Coille agus a n-iníon Clíona a bhí ar an gcéad pháiste a cláraíodh le tosú sa scoil i Meán Fómhair 1995.
Bhí Bord Bainistíochta na scoile chomh tógtha leis na pictiúirí a tharraing Fidelma Massey mar chuid dá cur i láthair don chomórtas % don Ealaín gur bheartaigh an bord commisiniú a dhéanamh ar phictiúr de ‘Chlíona’ agus dhá cheann de na héin le crochadh sa phasáiste laistigh den bpríomhdhoras.
Tá an saothar ealaíne a chruthaigh Fidelma Massey dúinne sár-álainn agus is primhléid dúinne é saothar ealaíne den tsaghas seo a bheith againn inár scoil.