A leithéad de lá a bhí againn ar an Aoine, 5 Márta! Ba é an t-aisteoir agus réalt teilifíse, Hector Ó hEochagáin a rinne buanfhoirgneamh nua Ghaelscoil Thaobh na Coille a oscailt go hoifigiúil. Tháinig pobal na scoile le chéile chun an oscailt oifigiúil a ceiliúradh. Bhí an ghrian ag taitneamh, agus bhratacha ar foluain. Bhí sceitimíní ar gach uile pháiste, múinteoir agus tuismitheoir faoin lá seo.
Hector agus Emer
Osclaíodh Gaelscoil Thaobh na Coille don chéad uair i mí Meán Fómhair 1995. Bhí sí ag feidhmiú as foirgnimh réamhdhéanta i gClub Rugbaí De La Salle Palmerston i gCill Tiarnáin ón lá sin ar aghaidh . Faoin am gur shroiceamar an fhoirgneamh nua bhí 267 dalta sa scoil.
Thug Hector cuairt ar gach seomra agus bhí focal aige le gach páiste (agus le fear an phoist ó Bolivia – ach sin scéal eile!). Chuir sé go mór leis an ócáid. Mar is gnáth, bhí sé lán de bhrí agus thaispeáin sé do gach uile duine gur rud ‘cool’ í an Ghaeilge a labhairt agus gur teanga bheo í. Tá an cúpla foca sa bhreisl le cloisint I measc na dtuismitheoirí sa chlós ón lá sin ar aghaidh.
Mar is eol daoibh tá ard-caighdeán sa teicneolaíocht againn i nGaelscoil Thaobh na Coille ach nuair a chonaiceamar cad a bhí á dhéanamh ag Alan Binley agus a fhoireann bhí iontas orainn. Bhí an ócáid go léir ar taispeáint ar an idirlín, ar scáláin lasmuigh sa chlós agus ar thaispeáint ar na cláracha cliste sna seomraí ranga.
Nuair a bhí deireadh leis na hóráidí foirmiúla chuir daltaí na scoile seó siamsíochta ar stáitse. A bhuíochas don sár- obair a bhí déanta ag na múinteoirí leis na páistí a ullmhú bhí siad ar fheabhas ar fad. Chuaigh an grúpa ceoil a cuireadh le chéile go speisialta don oscailt oifigiúil ar aghaidh len iomaíocht a dhéanamh i bhFeis Átha Cliath ó shin agus thugadar an corn abhaile leo. Comhghairdeas leis an múinteoirí Tomás Mac Uileagóid, Cormac Chambers agus ár mbanna ceoil tradisiúnta.
Ag deireadh an tsearmainais bhí sóláistí ar fáil ag gach duine. Teasc mhór ab ea í sin freastal ar an oiread sin daoine ach níor chruthaigh sé deacracht ar bith dár dtuistí díograsacha a thug faoin obair agus a chur bia blasta den scoth ar fáil do gach duine.
Ach, níor stop imeachtaí an lae ag an scoil. D’eagraíodh Coiste na dTuistí Ócáid Mhór Cheiliúrtha is t’oíche in Óstán an Stillorgan Park agus bhí an-oíche ag gach duine ansin.
Buíochas speisialta don phríomhoide, Emer Nic Chonchradha as ucht an méid obair a rinne sí leis an ócáid a tharraingt le chéile.