e-charr

 

Is é an e-charr an chéad ghlúin eile. Aithreoidh sé rudaí mar is eol dúinn iad. Tá an e-charr níos fearr don comhshaol mar go ritheann sé ar leictreachas agus ní ar  bhreosla iontaise. Tá sé níos fearr fós má gintear an leictreachas sin go nádúrtha; ie fuinneamh na gaoithe nó eile.

Tá an e-carr níos ciúine ná aon charr eile mar nach bhfuil aon inneall ann. Os rud é nach bhfuil sceithphíopa ar an e-charr ní  sceitheann sé deatach salach amach sa chomhshaol.  Tá sé níos éifeachtúla ó thaobh costas de le rith mar go ritheann sé ar leictreachas. Ach ní hé sin amháin é. Tá e-carr spóirt ar fáil, ar a dtugtar an Tesla. Carr leictreach é an Tesla a fhéachann cosúil leis an Lotus Elise! Tiocfaidh e-charranna eile ar nós an Renault Fluence nó an Nissan Leaf ar an margadh i 2011.

 

Amach anseo beidh stáisiúin luchtú don e-charr ‘sna garáistí peitril : próiséis atá an-chosúil le luchtú do ghuthán póca ach ar scála i bhfad níos mó! Beidh stáisiúin luchtaithe ar thaobh an bhóthair freisin. Glacann sé thart ar fiche nóiméad an e-charr a luchtú ag stáisiún luchtaithe ar thaobh an bhóthair agus seacht n-uair a chloig len é a luchtú sa bhaile. Is féidir thart ar 100km a thaisteal san e-charr ar chadhnra lán. 

 

Ní fada nach mbeidh carranna peitril & deisil in úsáid againn mar go bhfuil an breosla atá ar fáil dúinn ag dul i léig go mór. Fiú má bhíonn roinnt breosla ar fáil beidh sé an-chostasach orainn é a importáil isteach in Éirinn ó thíortha atá i bhfad uainn. Tá an e-charr anseo anois agus beidh sé linn go ceann i bhfad.

scríofa ag: Matthew Deering & Kelvin Mac Ruairí R6

CUARDACH



ROGHA TEANGA