Cór na nÓg 2011

Ghlac daltaí R5 & R6 páirt i gceolchoirm réigiúnach de chuid Cór Náisiúnta na nÓg san Ionad Cispheile Náisiúnta i dTamhlacht ar an Mháirt an 5 Aibreán 2011. Bhí an clár amhráin de 16 amhrán á fhoghlaim acu ó ó thús na scoil bhliana seo mar chuid den oideachas ceoil. Bhí suas le 500 daltaí ó scoileanna éagsúla i mBaile Átha Cliath ar an ardán agus iad ag canadh le chéile faoi stiúr Anne Purcell (duine de stiúrthóirí ceoil Cór Náisiúnta na nÓg) le tionlacan ceoil ceolfhoireann proifisiúnta.

 

Bhí ard-chaighdeán amhránaíochta & ceol córach ag an gceolchoirm. Ní fhéadfá suí sa lucht féachana gan áileacht an cheoil, na hamhránaíochta agus na guthanna gleoite a aithint. Tá ard-mholadh ag dul do na páistí as cé chomh maith is a bhíodar agus a chanadar ar an oíche. Níor bhain siad na súile den stiúrthóir agus leanadar a cuid treoracha uile agus iad ag gluaiseacht á chanadh go ciúin go dtí go láidir, go tapaidh go dtí go mall.

 

Mar pháiste óg 8 mbliana d’aois d’fhreastal mé féin ar mo chéad cheolchoirm córach. Nuair a bhí an  ceolchoirm thart ba é a rud ba mhó a theastaigh uaim a bhaint amach i mo shaol ná canadh i gcór!  Aréir agus mé suite sa lucht féachana tuigim anois conas a d’fhéadfadh freastal ar cheolchoirm córach dá leithéid an éifeacht sin a bheith aige orm. Tá súil agam go músclóidh an deis seo a bheith páirteach i gCór Náisiúnta na nÓg an grá don cheol i gcuid de na páistí le go mbainfidh siad an oiread pléisiúr as a gceol córach ‘sna blianta amach anseo is a bhain mise. 


Clár na nAmhrán       2010/2011

1.       We Sail the Ocean Blue               Gilbert / Sullivan

2.       Mo Ghile Mear                              Traidisiúnta

3.       Nozone

4.       Earth Song                                      Michael Jackson

5.       Finiculi Finicula

6.       Over the Rainbow                         Arlen / Harburg

7.       Toreador Song                               Carmen le Bizet

8.       Beidh Aonach Amárach               Traidisiúnta

9.       A Clare Benediction                     John Rutter

10.    Ag Críost an Síol                            S. Ó Riada

11.    Do Bhíosa Lá i bPortláirge           P. Ó Ceallaigh

12.    Down by the River to Pray          Traidisiúnta

13.    Ave Verum                                     Mozart

14.    Songs of Ireland                            Traidisiúnta            

A Song for Ireland

Carrick Fergus

The Fields of Athenry

Limerick You’re a Lady

Dublin Sounter

15.    Adiemus                                         Karl Jenkins

16.    Speed Your Journey                     Verdi

Eolas faoi Chór Náisiúnta na nÓg

 

Tugann Cór Náisiúnta na nÓg an deis do pháistí bunscoile taithí a fháil ar cheol córach. Foghlamaíonn daltaí R4, R5 nó R6 ó na bunscoileanna atá cláraithe le Cór Náisiúnta na nÓg clár amhráin chomónta, Gaeilge, Béarla nó Laidin ina scoil féin mar chuid de churaclaim an Oideachas Ceoil. Clár an-leathan amhráin a bhíonn i gceist a chuimsíonn an uile réimse ceoil ó Mozart go Michael Jackson. Cuireann an cór ar chumas na ndaltaí taithneamh & tairbhe a bhaint as an gceol agus as an amhránaíocht.

 

Bunaithe ag Seán Creamer (cigire ceoil leis an Roinn Oideachas ag an am) i 1985 mar cheiliúradh ar ‘Bhliain Eorapach an Cheoil’, tá éirithe thar barr leis an gcór do dtí seo. Reachtáiltear Cór Náisiúnta na nÓg gach dara bhliain agus sé seo an 14 bliain de cheolchoirmeacha Cór Náisiúnta na nÓg.

 

Tá sé mar aidhm ag Cór Náisiúnta na nÓg

§  Grá don cheol córach a chothú i measc daltaí bunscoile

§  Cur le hOideachas Ceoil na ndaltaí a bhíonn páirteach inti

 

Tá páirt glactha ag breis is 100,000 páiste bunscoile i gCór Náisiúnta na nÓg ó 1985 i leith.  Eagraíocht dheonach neamhbhrabúis í Cór Náisiúnta na nÓg reachtáilte ag múinteoirí bunscoile do pháistí bunscoile. Múinteoirí a bhfuil an-ghrá acu don cheol agus a dteastaíonn uatha a n deis a thabhairt do na páistí atá faoina gcúram an taithneamh agus an tairbhe chéanna a bhaint as an gceol.

 

Tuile Eolais ar fáil ag:  www.nationalchildrenschoir.org

CUARDACH



ROGHA TEANGA