Ceolchoirm na Féile Pádraig

15 Márta 2011

 

 

Ba mhór an trua nach raibh sé ar chumas tuismitheoirí uile na scoile a bheith i láthair ag Ceolchoirm na Féile Pádraig mar go raibh an-cheolchoirm go deo againn. Ó R1 go R6 go foireann múinteoirí na scoile léiríodh tallann den scoth – bhí sé do-chreidthe. Ba chéiliúradh é ar ár gcultúr agus ar ár ndúchas agus nár mhór an méid é sin!

 

Léirigh R1, R2 & R5 drámaí/ceoldrámaí gleoite agus chuir R3, R4 & R6 idir dhánta, amhráin agus ceol feadóige ós ár     gcomhair. Ghlac banna ceoil na scoile, curaidh Fheis  Átha Cliath, an stáitse agus chuir siad meascán ceoil os ár gcomhair ar réimse fhairsing uirlisí a léirigh caighdeán agus cumas ceoil na ndaltaí.

 

Chan cór R5 agus R6 dhá amhrán ó chlár amhráin Cór Náisiúnta na nÓg agus an-tionlacan ceoil ar an bpiano dár ndóigh ón Múinteoir Sadhbh Ní Fhloinn.

 


Ansin a bhuail an nóiméad ‘x –factor’ – banna ceoil na múinteoirí; Ensemble Thaobh na Coille, don chéad uair ariamh! Níl aon dabht ach go bhfuil cumas ar leith ceoil i measc foireann múinteoirí Ghaelscoil Thaobh na Coille. Sheinn siad Gleanntán Ghlas Ghaoth Dobhair; a bhí cóirithe ag an Múinteoir Ní Fhloinn ar 8 n-uirlisí difriúla! ! (Tá Louis ar an bhfón!)

 

 

 

Ina dhiaidh sin chas na múinteoirí buithrín ríleanna agus chríochnaigh an ceolchoirm le rinceoirí rang a 6 ag tabhairt faoin gCor Ochtar. A léithéid de cheolchoirm ní fhacthas riamh in aon scoil, tá mé cinnte de.

 

Buíochas ar leith do na múinteoirí ar fad a d’oibrigh go han-dian le seachtain na Gaeilge a chéiliúradh. Is liosta le háireamh an comhoibriú, tacaíocht agus dea-thoil a léirigh siad  san ullmhúchán.

CUARDACH



ROGHA TEANGA