Cúrsaí Spóirt

CRAOBH PEILE SINSEAR : ‘Corn an Chéid’

PÁIRC AN CHRÓCAIGH

13/12/2011

GAELSCOIL THAOBH NA COILLE V GAELSCOIL PHÁDRAIG, LEAMHCÁN

Comhghairdeas le foireann peile sinsear na scoile as Craobh Corn an Chéid Cumann na mBunscol a bhaint amach. Imreofar an chluiche ceannais i gcoinne Gaelscoil Naomh Pádraig ó Leamhcán i bPáirc an Chrócaigh Dé Máirt 13 Nollaig. Caithfear an liathróid isteach ag 11.45am.

Bhuaigh an fhoireann ceithre chluiche as cúig sa sraith agus bhain siad an ceann is fearr amach ar Our Lady’s Grove 2-4 v 0-3 sa chluiche athimirthe. Chailleadar an chéad leath sa chluiche ceathrú craoibhe i gcoinne Scoil Santain (Tamhlacht) ach chuir siad sár-iarracht isteach sa dara leath le áit a chinntiú sa leath chraobh le scór 3-11 v 1-06. Sheas Swords Educate Together idir an fhoireann agus an craobh agus bhí bua láidir acu 4-06 v 0-00.

Tá moladh mór ag dul don 35 imreoir ar an bpainéal ó Rang a 4 go 6 atá ag freastal ar sheisiúin traenála ar bhonn seachtainiúil ó thús na bliana. Táimid buíoch freisin do na múinteoirí a thug suas a gcuid ama leis an traenáil a dhéanamh agus gabhaimíd buíochas do na tuistí ar fad as a gcuid dtacaíocht agus as ucht na síobanna uilig.

 

 SAM MAC UIDHIR sa scoil!


Dé Máirt 6 Nollaig 2011

 

R2 : Baile Átha Cliath Abú!

N1

 R1B & an Múinteoir

 

 

LÚTHCHLEASAÍOCHT : Comórtais Lúthchleasaíochta Cumann na mBunscol

Seantramh : Máirt 31 Bealtaine 2011

Foireann Lúthcleasaíochta na scoile

Comhghairdeas le foireann lúthchleasaíochta na scoile a ghlac páirt ar na mallaibh sna himeachtaí páirce i Seantraibh. Thángadar abhaile le trí bhonn agus táimid an-bhródúil astu. Bhain Stefanie Déiseach an 1d áit amach sa rás 500m F12, Fiachra ó Súilleabháin an 2ra háit sa rás 500m, F12 agus tháinig Alan de Londras sa 3ú háit sa Shot Putt. Maith sibh!

i bhfad chun tosaigh…….

Comhgháirdeachas le buaiteaoirí lúthchleasaíochta na scoile a thug 3 bhonn abhaile leo ó Sheantramh 

CUARDACH



ROGHA TEANGA