Frith-Bhulaíocht

Polasaí Frith-Bhulaíochta 2014

Réamhrá

Is bunscoil lán-Ghaeilge, comhoideachas, Chaitliceach í Gaelscoil Thaobh na Coille, a bunaíodh sa bhliain 1995 faoi phátrúnacht an Fhorais Pátrúnachta.  Freastalaíonn an scoil ar an éileamh d’oideachas bunscoile trí mheán na Gaeilge sa cheantar máguaird.

I gcomhréir le coinníollacha an Acht Oideachais (Leas) 2000 agus na treoirlínte faoi chód iompair a d’eisigh an Bord Náisiúnta um Leas Oideachais tá an polasaí frithbhulaíochta seo a leanas glactha ag Bord Bainistíochta Ghaelscoil Thaobh na Coille mar chuid de chód iompair iomlán na scoile. Géilleann an polasaí go huile agus go hiomlán do choinníollacha “Ghnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile” a foilsíodh i Meán Fómhair 2013 is atá ar fáil ar www.education.ie.  Cuireadh an Polasaí Frithbhulaíochta seo le chéile le comhoibriú ó Mhúinteoirí, Coiste na dTuismitheoirí agus Bord Bainistíochta na scoile. 

Má tá difríocht idir a bhfuil scríofa as Gaeilge agus as Béarla sa pholasaí seo, glactar leis an leagan Gaeilge mar an leagan cruinn agus an leagan Bhéarla mar aistriúcháin. 

Sainmheon na Scoile

Aithnímid i nGaelscoil Thaobh na Coille gur pobal sinn; an fhoireann scoile, na páistí agus na tuismitheoirí/caomhnóirí agus go bhfuil sé riachtanach na páistí a chosaint. Tá sé mar aidhm againn scoil shábháilte dhearfach a chothú ina dtugtar deis do gach páiste a c(h)umas a chur chun cinn. Cuirtear an polasaí frithbhulaíochta seo i bhfeidhm i gcomhthéacs an Chóid Iompair agus an Pholasaí Chaomhnú Páistí.

Aithníonn an Bord Bainistíochta a thromchúisí atá iompar bulaíochta agus a dhiúltaí a d’fhéadfadh a thionchar a bheith ar dhaltaí, agus geallann an scoil dá réir cloí leis na príomhphrionsabail dea-chleachtais seo a leanas agus iompar bulaíochta á chosc agus á chomhrac.

Cultúr dearfach a bheith i réim sa scoil (féach Aguisín 1)

ina nglactar go fonnmhar le difríocht agus le héagsúlacht agus ina léirítear meas ar chuimsitheacht;

ina spreagtar daltaí le bheith ionraic agus leis an fhírinne a insint i gcónaí;

ina spreagtar daltaí chun iompar bulaíochta a nochtadh agus a phlé i dtimpeallacht neamhbhagrach;

ina gcuirtear caidreamh bunaithe ar mheas chun cinn i measc pobal na scoile;

Ceannaireacht éifeachtach;

Cur chuige na scoile uile;

Tuiscint i bpáirt faoin rud is bulaíocht ann agus faoin tionchar is féidir a bheith aige

Straitéisí oideachais agus coiscthe a chur i bhfeidhm (lena n-áirítear bearta chun feasacht a mhúscailt)

a chothaíonn ionbhá, meas agus teacht aniar sna daltaí;

ina dtéitear i ngleic go dearfa le cibearbhulaíocht agus le bulaíocht bunaithe ar fhéiniúlacht.

Maoirseacht agus monatóireacht éifeachtach ar dhaltaí;

Tacaíochtaí don fhoireann;

Eachtraí bulaíochta a thaifeadadh agus a imscrúdú ar shlí chomhsheasmhach agus obair leantach a dhéanamh ina dtaobh (lena n-áirítear straitéisí aitheanta idirghabhála a úsáid); agus

Meastóireacht leanúnach ar a éifeachtaí atá an polasaí frithbhulaíochta.

Sainmhíniú ar Bhulaíocht

I gcomhréir le “Gnásanna Frithbhulaíochta Bunscoile agus Iar-bhunscoile” seo é an sainmhíniú ar bhulaíocht:

“An rud a thuigtear le bulaíocht ná iompar diúltach neamhiarrtha, bíodh sé i bhfoirm iompar briathartha, síceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine aonair nó grúpa in aghaidh duine nó daoine eile, agus a dhéantar arís agus arís eile.”

Áirítear na cineálacha iompair bhulaíochta seo a leanas ar an sainmhíniú ar bhulaíocht:

Dochar fisiciúil a dhéanamh do dhuine

duine a fhágáil as an áireamh d’aon ghnó, gabháil do chúlchaint mhailíseach agus do chineálacha eile caidrimh bhulaíochta idir dhaoine

cibearbhulaíocht

bulaíocht bunaithe ar fhéiniúlacht, ar nós bulaíocht homafóbach, bulaíocht chiníoch, bulaíocht bunaithe ar bhallraíocht den Lucht Siúil agus bulaíocht ar dhuine faoi mhíchumas nó ar dhuine a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aici/aige.

Ní chlúdaíonn an sainmhíniú seo ar bhulaíocht eachtraí aonaracha nó eachtraí aon uaire d’iompar diúltach d’aon ghnó, lena n-áirítear téacsteachtaireacht mhaslach nó goilliúnach aon uaire nó teachtaireachtaí príobháideacha eile, ba cheart déileáil leo, mar is cuí, de réir chód iompair na scoile.

Ach, i gcomhthéacs an pholasaí seo, féachfar ar theachtaireacht, íomhá nó ráiteas poiblí goilliúnach aon uaire ar shuíomh gréasáin, líonra poiblí nó ar fhóram poiblí eile ar féidir an teachtaireacht, an íomhá nó an ráiteas sin a bheith feicthe agus/nó a bheith athráite ag daoine eile mar iompar bulaíochta.

Déileálfar le hiompar diúltach, nach n-áirítear sa sainmhíniú seo, de réir chód iompair na scoile.

Is féidir an Polasaí Frith-Bhulaíochta a léamh ina iomláine tré chliceáil ar an nasc seo a leanas :    

Polasaí Frith-Bhulaíochta Gaelscoil Thaobh na Coille

Polasaí Frithbhulaíochta Athbhreithniú 2019

Polasaí Frithbhulaíochta Fógra maidir le hAthbhreithniú 2019

 

CUARDACH



ROGHA TEANGA