Gearáin

Nós Imeachta maidir le gearáin a dhéanamh

Mar phobal scoile, déanfaimid gach aon iarracht gan cúiseanna gearáin a chothú ach tuigimid gur daoine daonna muid ar fad agus ‘nach mbíonn saoi gan locht’. Déanfaimid iarracht deighleáil le gearáin ar bith, le meas agus lamháltais againn dá chéile agus ar mhaithe le cách. Tuigimid an gá le prósiéis a bheith ann i leith gearáin ar bith,

Má tá buairt ar bith nó gearán ag tuismitheoir faoi rud ar bith a bhaineann lena bpáiste nó le cúrsaí scoile go ginearálta ba choir dó/di:

Teagmháil a dhéanamh leis an MÚINTEOIR RANGA ar dtús leis an ngearán a phlé & le teacht ar réiteach más féidir.

Déanfar gach iarracht i gcónaí teacht ar réiteach  ar mhaithe leis an dalta agus is annamh nach féidir fadhbanna a réiteach ag an gcéim seo.

Sa chás nach féidir leis an tuismitheoir teacht ar réiteach leis an múinteoir ranga, ba chóir dó/di teagmháil a dhéanamh leis an bPríomhoide d’fhonn an gearán a phlé agus teacht ar réiteach.

Sa chás eisceachtúil nach bhfuil an tuismitheoir sásta le toradh na gcruinnithe luaite thuas mar nach bhfil réiteach ar an ngearán sin, is féidir leis an tuismitheoir an gearán a ardú le Cathaoirleach Bhord Bainistíochta na scoile.

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..

Má tá an gearán fós gan réiteach agus má’s mian leis an tuismitheoir an gearán a thógáil níos faide ba cheart dó/di an gearán a chur i scríbhinn chuig Cathaoirleach an Bhoird Bainistíochta.

Mura féidir an gearán a réiteach ar bhonn neamhfhoirmeálta, déanfaidh an chathaoirleach  tuairisc foirmeálta a chur os comhair an Bhoird

Má’s é tuairim an Bhoird go bhfuil an gearán gan substaint cuirfear é sin in iúl don mhúinteoir agus don ghearánaí taobh istigh de 3 lá den chruinniú Boird.

Má’s é tuairim an Bhoird go bhfuil substaint leis an ngearán nó gur ghá níos mó  iniúchadh a dhéanamh ar an gcás, déanfar amhlaidh.

Nuair atá fiosrúcháin an Bhoird curtha i gcrích ba cheart go gcuirfeadh an Cathaoirleach cinneadh an Bhoird i scríbhinn chuig an múinteoir agus chuig an ngearánaí taobh istigh de 5 lá ón gcruinniú Boird.

Ní bheidh aon dul thar chinneadh an Bhoird.

Is féidir ‘Nósanna Imeachta maidir le Gearáin a dhéanamh’ a léamh ina iomláine ach cliceáil ar an nasc seo thíos:

Nós Imeachta maidir le Gearáin a dhéanamh GTnC

CUARDACH



ROGHA TEANGA