Riachtanais Oid. Speisialta

Riachtanais Oideachais Speisialta

Fís agus Aidhm

Tá sé mar aidhm againn i nGaelscoil Thaobh na Coille oideachas cuimsitheach a chur ar fáil, trí mheán na Gaeilge, a fhreastalóidh ar riachtanais an duine aonair agus ar raichtanais chomhchoitinn ár ndaltaí go léir, lena chinntiú go dtabharfar spreagadh dóibh siúd atá faoi míbhuntáiste a gcumas uasta a bhaint amach i dtimpeallacht foghlama dhearfach.

Tá sé mar aidhm againn a chinntiú go bhfuil nósanna imeachta i bhfeidhm le go mbeidh an scoil in ann na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

- a chur ar chumas leanaí le cumais foghlama éagsúla tairbhe agus leas a bhaint as oideachas cuí.

- ár gcur chuige scoile iomláine a leagan amach i leith an teagaisc/na foghlama maidir le daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

- cuidiú le tuismitheoirí cinneadh eolasach a dhéanamh maidir lena leanbh a 
chlárú sa scoil seo againne.

- a chur ar chumas daltaí atá faoi mhíchumas eispéireas oideachais chomh hiomlán agus is féidir a roinnt lena gcuid piaraí.

- struchtúir chumarsáide a bhunú d’fhonn tuismitheoirí leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu a thabhairt san áireamh.

- reachtaíocht a chomhlíonadh – comhionannas do rochtain ar agus rannpháirtíocht in oideachas a chur chun cinn agus modhanna a chur chun cinn ‘sa dóigh is go mbainfeadh mic léinn tairbhe as an oideachas’ S.6(c) An tAcht Oideachais.

 

Is féidir an polasaí maidir le Riachtanais Oiseachais Speisialta a léamh ina iomlaine ach cliceáil ar an nasc thíos

Polasaí maidir le Riachtanais Oideachais Speisialta GTnC

CUARDACH



ROGHA TEANGA