Réamhrá:
Is bunscoil lán-Ghaeilge comhoideachais í Gaelscoil Thaobh na Coille a bunaíodh i 1995 faoi Phátrúnacht an Fhorais Phátrúnachta. Freastaíonn an scoil ar an éileamh d’oideachas bunscoile trí mheán na Gaeilge sa cheantar mághuaird.
Aidhmeanna:
A mholadh do dhaltaí freastail ar scoil go rialta agus go poncúil.
Freagracht i leith tinrimh scoile a roinnt i measc foireann/pobal scoile.
Comhphobal na scoile a chur ar an eolas maidir le ról agus freagrachtaí, de réir an Achta.
Daltaí a aithint a d’fhéadfadh a bheith i mbaol fadhbanna maidir le tinreamh.
A chinntiú go bhfuil nósanna imeachta ag an scoil chun tinreamh a chur chun cinn.
Forbairt a dhéanamh chomh fada agus is féidir ar nascanna scoile/baile leis na teaghlaigh a bhfuil páiste leo i mbaol fadhbanna tinrimh a fhorbairt.
Na constaicí a chuireann bac le dea-thinreamh a aithint agus deireadh a chur leo.
Cinnteoidh an scoil:
Go gcuirfear tábhacht an tinrimh ar fud na scoile chun cinn.
Go gclárófar daltaí i gceart agus go héifeachtach.
Go ndéanfar taifead ar thinreamh go laethúil.
Go ndéanfar teagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí i dtaobh as láithreachtaí leanúnach nó i gcás nár tugadh cúis.
Go ndéanfar monatóireacht ar thinreamh agus poncúlacht.
Go ndéanfar staitisticí tinrimh a thuairisciú, de réir mar ba chóir go:
- an Bord um Leas Oideachais
- an tOifigeach Leasa Oideachais
- an Bord Bainistíochta
Poncúlacht:
Tosaíonn an scoil ag 8.50 agus is gá go mbeadh daltaí ar scoil ag an am sin. Táthar ag súil leis go mbeidh daltaí agus múinteoirí ar scoil in am. Déanfar teagmháil ón scoil sa chás go mbíonn dalta déanach go rialta. Tá dualgaisí ar an bPríomhoide, faoin Acht, ainmeacha páistí a bhíonn déanach go rialta a chur faoi bhráid an Bord Leasa Oideachais Náisiúnta.
Daltaí
Tá sé de dhualgas ar dhaltaí bheith i láthair ar scoil go rialta agus go poncúil.
Caithfidh daltaí aon fhadhb a choimeádfadh ón scoil iad a chur in iúl don mhúinteoir ranga.
Tá daltaí freagrach as nótaí asláithre óna dtuismitheoirí a thabhairt suas gan mhoill don mhúinteoir ranga.
Tá freagracht ar dhaltaí nótaí scoile a thabhairt dá dtuismitheoirí, ar an lá luaite.
Is féidir an polasaí iomlán a léamh ach cliceáil ar an nasc seo thíos: