Úsáid Inghlactha Idirlín

Is é aidhm an Pholasaí Úsáide Inghlactha a chinntiú go bhfaighidh daltaí buntáistí as na deiseanna foghlama as acmhainní idirlíon na scoile ar bhealach sábháilte agus éifeachtach. Féachtar ar úsáid agus rochtain idirlíon mar acmhainn agus mar phribhléid scoile. Mura gcomhlíontar polasaí úsáide inghlactha (PÚI) na scoile tarraingeofar siar an phribhléid seo.

Déanadh athbhreithniú & uas-dátú ar an bpolasaí úsáide inghlactha (PÚI) i Mí Deireadh Fómhair 2014. Pléadh é go mion leis an bhfoireann agus leis an mBord Bainistíochta lena chinntiú go raibh tuiscint iomlán ag gach duine ar a raibh ann agus go rabhadar sásta na coinniallacha atá leagtha amach sa pholasaí a chomhlíonadh.

 Tá sé i gceist go ndéanfar athbhreithniú rialta ar an bpolasaí seo go háirithe má thagann aon athraithe nó fadhbanna nua chun cinn.

Is féidir Polasaí Úsáid Idirlín na Scoile a léamh ina iomláine ach cliceáil ar an nasc seo thíos:

Polasaí Úsáid Inghlactha Idirlín GTnC

CUARDACH



ROGHA TEANGA