Ghlac cailíní R4-6 páirt i gcomórtas peile Corn an Chladaigh i mbliana . D’imir muid cluichí réamhbabhta i gcoinne Garrán Mhuire, Scoil Naithí agus Scoil Náisíunta Baile Rúán. Bhuamar cluiche dúshlánach i gcoinne Scoil San Treasa freisin. Sa chluiche leath chraobh , d’éirigh linn an ceann is fearr a bhaint amach ar Scoil Naomh Olaf . Bhí Páirc an Chrócaigh scroichte againn anois ar an 3/11/14 agus bhíomar ag súil go mór leis an gcraobh i gcoinne Scoil na Trionóide Naofa ó Domhnach Míde.
Bhí an teannas le mothú san aer. Chaith an réiteoir (Billy Ó Connell ó CLG Croí Ró Naofa) an liathróid suas ag a 12:20. Chuaigh 25 nóiméad an taobh go tapaidh. Chailleamar an cluiche ach d’éirigh linn níos mó scóranna a fháil ná iad! Bhí an t-ádh leo.
Ba iad an Múinteoir Bróna Ní Bhaoill, Karl Priestly agus an Múinteoir Máirín Ní Dhubhthaigh a bhí againn mar bhainisteoirí. Táimid fíor-bhuíoch as an traenáil ar fad a rinne siad linn.
Bhí cur síos ar an gcluiche ‘sna nuachtáin náisiúnta – an Herald agus an Independent, agus bhí ainmneacha Rachel Ní Lionáin agus Róisín Ní Chathasaigh luaite ann. Bhí an Múinteoir Ó Dhubhthaigh ag obair ar son Cumann na mBunscoil le linn na craobhacha.
Lá iontach a bhí ann, cé go raibh deora ann ag deireadh an chluiche mhothaíomar bródúil asainn féin agus as an scoil! Maith sibh a chailíní !!!!
Scríofa ag : Emma Ní Bhraonáin, Rachel Ní Lionáin, Saoirse Ní Bhroin Samhain 2014