Tá Banna Ceoil na scoile ag dul ó neart go neart i mbliana, le os cionn 70 páiste ag freastal air, dhá lá sa tseachtain. Táimid tar éis ceangail a dhéanamh le 2 scoil eile, Scoil Lorcáin i mBaile na Manach agus Gaelscoil na Cille, Cill Dhéaglán, Co. na Mí. Bhí seisiún ollmhór anseo sa scoil roimh na Nollag agus thugamar cuairt ar Scoil Lorcáin ar an Aoine an 27ú Feabhra. Bhí ceol, damhsa ar an sean nós, amhránaíocht againn agus a lán spraoi dár ndóigh!
Chuamar ar an stáitse san Ionad Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht ar an Mháirt an 3ú Márta ag 10.30am mar chuid de Chórfhéile na Scoileanna. Bhí orainn píosa ceoil cóirithe ar chur i láthair a mhair 7 nóiméad agus bhí a lán cleachtaidh déanta ag ár gceoltóirí sna seachtainí roimh ré.
Sa tríú téarma beimíd ag tabhairt aghaidh ar Chontae na Mí don triú mhór-sheisiún ceoil agus beidh ceolchoirm againn ag deireadh na bliana freisin. Buíochas leis na múinteoirí, Tomás MacUileagóid, Úna Ní Fhlatharta, Cormac Chambers agus Rícheal Ní Thiarnaigh as a gcuid ama agus a gcuid talainne a roinnt leis na daltaí.