Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Tá Banna Ceoil na scoile ag dul ó neart go neart i mbliana, le os cionn 70 páiste ag freastal air, dhá lá sa tseachtain. Táimid tar éis ceangail a dhéanamh le 2 scoil eile, Scoil Lorcáin i mBaile na Manach agus Gaelscoil na Cille, Cill Dhéaglán, Co. na Mí. Bhí seisiún ollmhór anseo sa scoil roimh na Nollag agus thugamar cuairt ar Scoil  Lorcáin ar an Aoine an 27ú Feabhra. Bhí ceol, damhsa ar an sean nós, amhránaíocht againn agus a lán spraoi dár ndóigh!

Chuamar ar an stáitse san Ionad Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht ar an Mháirt an 3ú Márta ag 10.30am mar chuid de Chórfhéile na Scoileanna. Bhí orainn píosa ceoil cóirithe ar chur i láthair a mhair 7 nóiméad agus bhí a lán cleachtaidh déanta ag ár gceoltóirí sna seachtainí roimh ré.

Sa tríú téarma beimíd ag tabhairt aghaidh ar  Chontae na Mí don triú mhór-sheisiún ceoil agus beidh ceolchoirm againn ag deireadh na bliana freisin. Buíochas leis na múinteoirí, Tomás MacUileagóid, Úna Ní Fhlatharta, Cormac Chambers agus Rícheal Ní Thiarnaigh as a gcuid ama agus a gcuid talainne a roinnt leis na daltaí.

The ‘Banna Ceoil Scoile’ has grown steadily this year and we now have over 70 pupils attending the group, twice a week. We have established a link with two other school, Scoil Lorcáin in Monkstown and Gaelscoil na Cille in Ashbourne. We hosted both school for a mighty ‘seisiún’ in the first term and we went on ‘tour’ to Scoil   Lorcáin on the 27th   of February. We thoroughly  enjoyed ourselves with music, song and some sean nós dancing!

We participated in Córfhéile na Scoileanna again this year and took to the stage on Tuesday the 3rd of March in the National Basketball Arena in Tallaght at 10.30am.  We played an arrangement of traditional music that lasted 7 minutes so we had been working very hard on this in the weeks prior to the performance.

In the third term we will move beyond the county bounds and head to Meath for another ‘mór-sheisiún ceoil’. We will also be putting on a concert towards the end of the year. Many thanks to the teachers who give so generously of their time and talents; Tomás MacUileagóid, Úna Ní Fhlatharta, Cormac Chambers Rícheal Ní Thiarnaigh.