Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Cúrsaí SpóirtSporting News

24 Bealtaine 2017

LÚTHCHLEASAÍOCHTCumann na mBunscol

Bhí daltaí ó ranganna a 3 go 6 san iomaíocht i gcomórtais lúthchleasaíochta Chumann na mBunscol i  Seantraibh ar an Luan seo thart, an 22 Bealtaine. Lá Páirce a bhí ann agus bhí na lúthchleasaithe ag iomaíocht sa Rás 600m, sa Léim Fhada, sa Chaitheamh Meáchan & sa Chliathrás.

Rinne na daltaí sár-iomaíocht go deo agus d’éirigh le triúr acu céimeanna na mbuaiteoirí a bhaint amach. B’iad siúd Yena Ní Fhéich a tháinig sa dara áit sa chomórtas caitheamh meáchan faoi 14,     Oilibhéar Ticher a tháinig sa chéad áit sa chomórtas léimt fhada faoi 12 agus Breandán Mac Cionnaith a tháinig sa 3ú áit sa rás 600m faoi 12.

D’éirigh le Oran Ó Braonáin,  Aoife Ní Néill,  Conal Ó Riain agus Ellie Nic Dhomhnaill an 4 áit a bhaint amach i gcraobhanna an chliathrás.

Beidh na comórtais traic ar siúl ar an Luan seo chugainn an 29 Bealtaine agus beidh rásanna aonair 100m agus rásanna sealaíochta (faoi 10, 11, 12 & faoi 14)  ar siúl an lá sin.  Guímíd gach rath ar ár gcuid daltaí (thart ar 45 acu) a bheidh ag iomaíocht ar son na scoile ar an lá sin.

Míle buíochas le tuistí R6 2015/2016 a chuir at á gcumas geansaithe lúthchleasaíochta a cheannacht don scoil.

 …………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

15 Feabhra 2017

Comórtas Iomána Inti : Rang a 3

Glacfaidh R3A agus R3B páírt i gcomórtas iomána Corn Andy Gibbons i Mí Márta. Is deis é do na páistí cluichí a imirt i gcoinne scoileanna áitiúla – Holy Cross, Holy Trinity, Our Lady of the Wayside, St. Mary’s, St. Olaf’s and Queen of Angels – trí sheachtain as a chéile a bheidh na cluichí ar siúl; ag tosú 7 Márta. Imreofar na cluichí ar fad i halla Club CLG Naomh Olaf.

Tá Corn Andy    Gibbons buaite ag an scoil ceithre bhliain as a chéile agus tá súil againn lámh a choimeád air arís i mbliana.

 ………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

10 Deireadh Fómhair 2016

Léig Pheile Chumann na mBunscol

Gaelscoil Thaobh na Coille  7-6   V 0-1  Scoil Náisiúnta Naomh Martin de Porres  

Bhí teacht an gheimhridh le mothú san aer inné nuair a thug Gaelscoil Thaobh na Coille aghaidh ar Scoil Náisiúnta Naomh Martin de Porres i dTamhlacht. Bhí an ghaoth ag cabhrú le Taobh na Coille sa chéad leath agus bhain siad an-leas as. Bhí an bheirt i lár na páirce, Oisín de Búrca, James Ó Cuinneagáin agus Cillian Mac Gabhann go mór chun cinn agus iad ag treorú an imirt ar fad. Ag leath-am bhí Taobh na Coille chun tosaigh 3-4 go 0-0. Bhí Evan de Satún ag imirt ar imeall na cearnóige ag uimhir a 14 agus chruthaigh sé go leor fadhbanna ansin. Scóráil sé 2 chúl sa chéad leath agus bhris sé go leor liathróidí eile do na himreoirí mórthimpeall air. Fuair Evan Binley an cúl eile sa chéad leath.

Tháinig feabhas ar Martin de Porres sa dara leath agus cuireadh níos mó brú ar ár gcosaint ach láimsheáil na cosantóirí an brú sin go maith. Bhí Luke Stobie agus Finn Mac Gabhann an-éifeachtach ar fad agus níor lig siad aon duine nó aon liathróid tharstu. Scóráil Taobh na Coille 4 chúl eile sa dara leath, Cillian Mac Gabhann, Cael Ó Meachair, Evan de Satún agus Scott Déiseach a d’aimsigh iad. Fuair Evan Binley agus Scott Déiseach dhá phointe gleoiteach freisin.

Bhí bua measartha éasca ag buachaillí Thaobh na Coille i ndeireadh na dála ach is léir go bhfuil go leor feabhsuithe ag teastáil má tá siad chun an cluiche ceannais i bPáirc an Chrócaigh a bhaint amach. Cuireadh an iomarca deiseanna scórála amú, 10 gcinn sa chéad leath agus ocht gcinn sa dara leath, agus ní bheidh muid in ann sin a dhéanamh arís sa chluiche leathcheannais. Imreofar an cluiche leathcheannais sin an Déardaoin beag seo in éadan Scoil Fintan agus beidh buachaillí Thaobh na Coille ag déanamh a seacht míle dícheall chun Páirc an Chrócaigh a bhaint amach don dara bliain as a chéile.

Foireann Thaobh na Coille

Leo Ó Maolchathail

Conor Ó Maolagáin     Tadhg Brúc     Finn Mac Gabhann

Luke Stobie   James Ó Cuinneagáin (0-1)     Oisín de Búrca

Evan Binley (1-2)      Conal Ó Riain

Cillian Mac Gabhann (1-1)     Jack Ó hUiginn     Brian Mac Aogáin (0-1)

Breandán Ó Cionnaith     Evan de Satún (3-0)    Scott Déiseach (1-1)

Fir ionaid : Conor de Róiste, Rian Cút, Cael Ó Meachair (1-0).

………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

26 Meán Fómhair 2016

Léig Pheile Chumann na mBunscol

Gaelscoil Thaobh na Coille  1-8   V 1-2  Scoil Lorcáin  

Chuaigh dhá Ghaelscoil in adharca a chéile inné nuair a thug Gaelscoil Thaobh na Coille agus Gaelscoil Lorcáin aghaidh ar a chéile i sraith na mbuachaillí. Cé gur bhuaigh Taobh na Coille le 6 phointe sa deireadh, bhí cluiche an-teann ann go dtí an bomaite deireanach nuair a scóráil Breandán Ó Cionnaith cúl iontach.

Sa chéad leath bhí an imirt ar fad ag Taobh na Coille ach cuireadh an iomarca deiseanna amú. Ag leath-am ní raibh muid ach 2 phointe chun tosaigh, 0-5 go 1-0. Scóráil Jack Ó hUiginn, Breandán Ó Cionnaith, James Ó Cuinneagáin, Cillian Mac Gabhann (cic saor) agus Evan Binley na pointí do Thaobh na Coille. Ag leath-am, thuig buachaillí Thaobh na Coille go raibh foireann níos fearr acu ná Scoil Lorcáin ach go raibh orthu a bheith níos glice sa dara leath.

Rinne siad beart de réir a mbriathar sa dara leath agus thosaigh siad ag imirt peile glic agus ag cruthú deiseanna scórála a bhí níos éasca. Thosaigh James Ó Cuinnegáin ag brú chun tosaigh le cabhair iontach ó Evan Binley agus Conal Ó Riain agus d’éirigh linn 3 phointe breá a aimsiú chun muid a choinneáil chun tosaigh ar Scoil Lorcáin an t-am ar fad. Chuir an freasúra níos mó brú orainn sa dara leath ach sheasaigh ár gcosantóirí an fód go cróga, Conor Ó Maolagáin, Finn Mac Gabhann agus Oisín de Búrca ach go háirithe. Moladh speisialta do Leo Ó Maolchathail a bhí cosúil le cat sna cúil agus a rinne cúpla sábháil dochreidte sa dara leath! Cé go raibh muid faoi bhrú go dtí an nóiméad deireanach, léirigh buachaillí Thaobh na Coille calmacht agus gliceas thar barr chun an freasúra a choinneáil amuigh.

Moladh mór do Bhrian Mac Aogáin, Rian Cút agus Fionn Ó Braonáin a d’imir d’fhoireann na scoile don chéad uair agus do na fir aonaid a tháinig isteach agus a rinne jab iontach. Nuair a shéid an réiteoir an fhead deiridh bhí Taobh na Coille chun tosaigh agus an bua againn le 1-8 go 1-2.

Foireann Thaobh na Coille

Leo Ó Maolchathail

Finn Mac Gabhann       James Ó Cuinneagáin (0-2)       Tadhg Brúc

Evan de Satún     Oisín de Búrca     Conor Ó Maolagáin

Evan Binley (0-1)      Conal Ó Riain

Brian Mac Aogáin     Jack Ó hUiginn (0-2)     Breandán Ó Cionnaith (1-1)

Luke Stobie     Cillian Mac Gabhann (0-2 (1 CS) )     Conor de Róiste

Ionadaithe : Fionn Mac Eiteagáin, Fionn Ó Braonáin, Macdara Ó Raghallaigh, Rian Cút.

……………………………………………………………………………………………………………………………………………………..

15/09/2016

Léig Pheile Chumann na mBunscol

Gaelscoil Thaobh na Coille   3-9   V  1-6    Scoil Naomh Ólaf 

Chuir seaimpíní na bliana seo caite i bpeil na mbuachaillí tús maith leis an séasúr nua agus iad ag iarraidh an corn a bhaint don dara bliain as a chéile. Níor chuir Taobh na Coille tús ró-mhaith leis an gcluiche agus bhí muid pointe chun cúil ag leath ama. Cé go raibh na cosantóirí agus an cúl báire Leo Ó Maolchathail, a raibh cluiche den scoth aige,  ag déanamh go maith bhí an chuid eile den fhoireann ag streachailt chun an liathróid a choinneáil faoi smacht agus deiseanna scórála a thógáil.

Tháinig feabhas mór ar rudaí sa dara leath, áfach, agus thosaigh Taobh na Coille ag imirt mar fhoireann éirimiúil. D’aimsigh muid deiseanna ar chúil agus chuir Cillian Mac Gabhann, Evan Binley agus Conal Ó Riain  an liathróíd in eangach Scoil Ólaf. Bhí cul Chonail ar chúl chomh maith agus a bheadh le feiceáil i bPáirc an Chrócaigh aon Domhnach! Scóráil Evan de Satún, Breandán Ó Cionnaith agus Fionn Mac EIteagáin pointí deasa fosta agus bhí Cillian Mac Gabhann an-chruinn leis na ciceanna saoire, scóráil sé 4 cinn as 4.

Tá moladh mór tuillte ag Conor Ó Maolagáin, Finn Mac Gabhann, Séimí Mac Giolla Fhiondáin, Paul Cúisín agus Garvan Ó Déaghaidh a bhí ag imirt d’fhoireann na scoile don chéad uair agus a thaispeáin an cumas breá peile ata iontu. Maith sibh! Sa deireadh, bhí an bua againn leis an scór 3-9 go 1-6 agus tá muid ag súil go mór leis an chéad chluiche eile in aghaidh Scoil Lorcáin.

Foireann Thaobh na Coille

Leo Ó Maolchathail

Finn Mac Gabhann     Tadhg Brúc      Conor Ó Maolagáin

Evan de Satún (0-1)     Oisín de Búrca     Seimí Mac Giolla Fhiondáin

Evan Binley (1-1)      Jack Ó hUiginn

Paul Cúisín     Conal Ó Riain (1-1)     Breandán Ó Cionnaith (0-1)

Luke Stobie     Cillian Mac Gabhann (1-4)     Conor de Róiste

Ionadaithe : Fionn Mac Eiteagáin (0-1), Cael Ó Meachair, Oilibhéar Ticher, Garvan Ó Déaghaidh

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

16 Meitheamh 2016

CRAOBH CHLUICHÍ CAMÓGAÍOCHTA & IOMÁNAÍOCHTA

PÁIRC an CHRÓCAIGH

LUAN   20/06/2016

12.20 pm & 1.30 pm

Ní hamháin gur éirigh le foireann iomána na scoile an craobh a bhaint amach ach d’éirigh lenár gcailíní an cluiche leath-craobh a bhuachaint ar an Mháirt seo thart agus beidh siadsan ag imirt i gcluiche craobha i bPáirc an Chrócaigh freisin ar an Luan seo ag teacht an 20/06/16. Táimíd thar a bheith bródúil as na cailíní agus na buachaillí ar fad  agus táimíd ar bís faoin lá ollmhór atá romhainn. Ócáid an-speisialta í seo don scoil go speisialta os rud é gurb í seo an chéad uair d’fhoireann camógaíochta na scoile craobh chluiche a bhaint amach.  Nach iontach an cheiliúradh í seo ar 20 bliana na scoile – 2 chraobh chluiche peile imirthe agus buaite cheana féin i mbliana agus dhá chraobh chluiche eile os ár gcomhair amach!

Craobh Camógaíochta :  12.20pm  Corn Olly Quinlan   Gaelscoil Thaobh na Coille v Scoil Treasa, Teach na Giúise

Craobh Iománaíochta :  1.30pm      Corn Aghais            Gaelscoil Thaobh na Coille v Scoil Eoin Bosco, Bóthar na hUaimhe

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..

30 Bealtaine 2016

LÚTHCHLEASAÍOCHT TRAIC  – Seantraibh

Daltaí na Scoile a bhí ag Iomaíocht i Seantraibh Inniu

Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch ar an Lá Traic i Seantraibh (30/5/16) i mbliana. Tréaslaímid le Ruth Ní hAoláin a tháinig sa 3ú háit sa rás 60m Faoi 10.

3ú háit sa rás 60m

Chomh maith leis sin d’éirigh le cailíní agus buachaillí F10 an 3ú háit a ghnóthú san rás sealaíochta. Ba iad Ruth Ní hAoláin, Clodagh Ní Chartúin, Meave Ní Ghrádaigh, Caroline Ní Fhaoláin agus Aoife Ní Néill a bhí ar fhoireann na gcailíní agus rith Ted Ó hUigín, Charlie Flusk, Óran Ó Braonáin, Nicholas Ó Tóibín agus Cathal Ó Craidhin ar son na mbuachaillí. Comhghairdeas leo.

Rásanna Sealaíochta na gCailíní & na mBuachaillí faoi 10

……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

23 Bealtaine 2016

LÚTHCHLEASAÍOCHT PÁIRCE  – Seantraibh

Comhgháirdeas ó chroí leis na lúthchleasaithe uilig a ghlac páirt sna comórtaisí páirce i Seantraibh Dé Luain 23  Bealtaine 2016. Ghlac timpeall 200 scoil páirt ann agus iad i mbun caitheamh meáchain, léimt fhada/ard, cliathrás agus an rás 600m. D’éirigh le ceathrar páiste ó Ghaelscoil Thaobh na Coille teacht abhaile le boinn.

Ba iad sin David Bosch (cliathrás faoi 12) agus Brendan Ó Cionnaith (600m faoi 11) a ghnóthaigh an chéad áit agus tháinig Liam Ó Donaile (600m faoi 12) agus Róisín Ní Chathasaigh (600m faoi 14) a tháinig sa dara háit. Maith sibh!

Comhghairdeas leis na páistí ar fad a ghlac páirt. Táimid an-bhródúil asaibh ar fad.

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..

20 Bealtaine 2016

An Múinteoir Karl Priestley le R3B                      An Múinteoir Oisín Mac Muiris le R3A

CORN ANDY GIBBONS : Tá an Corn Andy Gibbons – comórtas iomána inti áitiúil – buaite ag Gaelscoil Thaobh na Coille don cheathrú uair as a chéile agus don séú uair le seacht mbiana anuas. Fuair foireann An Múinteoir Priestley (R3B) an ceann is fearr ar Holy Cross NS sa chraobh don dara bhliain as a chéile. Chríochnaigh an cluiche leis an scór 7-1 agus ghlac captaen na foirne, Cathal Ó Craidhn, an corn ar son imreoirí R3B. Níos luaithe sa lá, bhí an bua ag Rang An Múinteoir Mac Muiris (R3A) (5—3) ar Our Lady of the Wayside i gCraobh Phláta Andy Gibbons.

IOMÁINT & CAMÓGAÍOCHT : Tá ag éirí go han-mhaith le foirne iomána & camógaíochta na scoile i gcomórtais Chumann na mBunscol le cúpla mí anuas. Chríochnaigh cailíní na scoile ar bharr léig Chorn Olly Quinlan agus imreoidh siad i gcoinne Scoil Thomáis nó Scoil Maolruain sa chluiche leath ceannais ar an gCéadaoin an 25  Bealtaine. Tá foireann sinsear na scoile ag glacadh páirt i gCorn Ághais agus tá an ceathrú craobh bainte amach acu. Imreofar an cluiche sin i gcoinne Scoil Oilibhéir, An Chúl Mín, i bPáirc Hermitage ar an Mháirt 24 Bealtaine.

LÚTHCHLEASAÍOCHT : Tá an traenáil lúthchleasaíochta faoi lán t-seoil faoi láthair. Beidh an scoil páirteach i gcomórtais lúthchleasaíochta Chumann na mBunscol i Seantraibh ar an Luan 23 Bealtaine agus an Luan dar gcionn 30 Bealtaine. Lá Páirce a bhéas ann an chéad lá agus beidh lúthchleasaithe ag iomaíocht sa Rás 600m, Léim Fhada, Caitheamh Meáchan agus Cliathrás faoi aoiseanna éagsúla. Beidh Lá Traic – rásanna aonair 100m agus rásanna sealaíochta (faoi 10, 11, 12 agus faoi 14) – ar siúl an dara lá.

Buíochas : Buíochas mór leis na múinteoirí atá i mbun na foirne éagsúla & buíochas speisialta lenár dtuismitheoirí Turlach Ó Meachair & Gearóid Ó Riain as cuidiú linn leis an traenáil iomána.

……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

23 Deireadh Fómhair 2015

CRAOBH PEILE BAINTE AMACH AG FOIRNE PEILE NA SCOILE

D’éirigh le foireann sinsear na scoile agus foireann na gcailíní craobhacha Cumann na mBunscol a bhaint amach i mbliana. Is ócáid speisialta agus corraitheach é seo do Ghaelscoil Thaobh na Coille Páirc an Chrócaigh a bhaint amach ag dhá fhoireann peile na scoile. Beidh an dá chluiche ar siúl ar an Mháirt an 3 Samhain. Tugtar cuireadh do chách bheith i láthair le tacaíocht a thabhairt do na fóirne Dé Máirt 3 Mí na Samhna.

1.10pm            Corn Chlanna Gael      (Foireann Sinsear v Gaelscoil Bhrian Boróimhe, Sórd)

2.20pm            Sciath an Chladaigh    (Foireann na gCailíní v Scoil Mhuire, Leamhcán)

Foireann Peile na gCailíní lena mbainisteoirí

An Muinteoir Karl Priestley & An Múinteoir Eavan Ní Mhuirgheasa 

Beidh gach páiste ó Rang 3 go Rang 6 ag dul go Páirc an Chrócaigh le tacaíocht a léiriú dár n-imreoirí peile. Tá busanna curtha in áirithe chun iad a thabhairt ón scoil go Páirc an Chrócaigh agus  fillfidh siad ar an scoil ina dhiaidh ag 4.30pm.

……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

 12 Deireadh Fómhair 2015

LÉIGEANNA PEILE  2015

PEIL na gCAILÍNÍ : Ghlac foireann peile na gcailíní páirt i gCorn an Chladaigh i mbliana. D’imir siad Scoil Mológa, Cros Arailt; Scoil Naithí, Baile an tSaoir & Scoil Nmh. Olaf, Baile Amhlaoibh ‘sna cluichí sraithe. Chríochnaigh siad sa tríú háit agus fuaireadar an ceann is fearr ar Scoil Treasa, Teach na Giúise 3.10 v 2.06 i gceathrú craobh an sciath. Tá na bainisteoirí – An Múinteoir Eavan Ní Mhuirgheasa agus An Múinteoir Karl  Priestley – ag súil go mór leis an gcluiche leath chraobh a imirt anois i gcoinne Garrán Mhuire, Baile na nGabhar. Imreofar an chluiche sin i bPáirc an Fhia Dé Céadaoin 14 Deireadh Fómhair.

PEIL na mBUACHAILLÍ Bhí an bua ag foireann peile na mbuachaillí – faoi stiúr An Múinteoir Rónán Mac Niallais agus An Múinteoir Maoilíosa Ó Dubhthaigh – i gcoinne Scoil Chillian, Cill na Manach; Oatlands, Stigh Lorgáin agus Scoil Nmh. Olaf, Baile Amhlaoibh sna réamh babhtaí i gCorn Chlanna Gael. Chríochnaigh siad ar bharr an léig agus d’imir siad cluiche an-dhian i gcoinne Scoil Naomh Beinidict, Ongar, Cluain Aodh sa cheathrú chraobh. Bhuadar 3.09 v 3.06 agus tá cluiche leath chraoibhe bainte amach acu anois i gcoinne An Chorr Dhubh.24 Bealtaine 2017

ATHLETICS – Cumann na mBunscol

Pupils from 3rd to 6th class represented the school in the Cumann na mBunscol Athletics Competitions in Santry on Monday the 22nd of May. The first day of this two day event was a Field Day which saw  competitors from the school participate in 600m, Long Jump, Shot Putt & Hurdles at various age levels.

All the pupils who competed put their hearts and souls into their respective competitions and three of them came away with medals.  They were, Yena Ní Fhéich who came 2nd in the under 14 shot putt,    Oilibhéar Ticher who came 1st in the under 12 long jump competition and Breandán Mac Cionnaith who came 3rd in the 600m race.

Oran Ó Braonáin,  Aoife Ní Néill,  Conal Ó Riain and Ellie Nic Dhomhnaill all reached their respective hurdles finals and were pipped at the post to come 4th.

The Track day will take place on  Monday next the 29th of May and this will consist of individual sprints and relay races. We wish the pupils (over 40 of them) who will be competing for the school on that day the very best of luck.

Buíochas to the parents of R6 2015/2016 for enabling us to buy athletics tops for the school

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

15 Feabhra 2017

Indoor Hurling Competition : Rang a 3   

R3A and R3B will participate in the Corn Andy Gibbons indoor hurling competition against local schools – Holy Cross, Holy Trinity, Our Lady of the Wayside, St. Mary’s, St. Olaf’s and Queen of Angels – on three successive weeks starting on the 7th of March. The games will take place in the Naomh Olaf GAA Clubhouse hall.

Gaelscoil Thaobh na Coille have won the cup for the past four years and we intend to challenge for it again this year!

 …………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

16 Meitheamh 2016

CAMOGIE & HURLING FINALS

PÁIRC an CHRÓCAIGH

MONDAY 20/06/2016

12.20 pm & 1.30 pm

 Not only has the senior hurling team made it to the Cumann na mBunscol finals in Croke Park on Monday 20/06/2016 but the girls camogie team managed to secure their place in the finals also by winning their semi-final replay match on Tuesday of this week. We are so proud of all the girls and boys and are really excited about the great day that’s ahead of us. This is an extremelly special day for the school especially as this will be the first time that the school’s camogie team has made it to the finals. What a great achievement and a fabulous way to celebrate the school’s 20 years – two football finals played and won already this year and 2 more finals to go!

Camogie Final : 12.20pm  Corn Olly Quinlan   Gaelscoil Thaobh na Coille v Scoil Treasa, Teach na Giúise

Hurling Final :  1.30pm         Corn Aghais            Gaelscoil Thaobh na Coille v Scoil Eoin Bosco, Bóthar na hUaimhe

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

30 Bealtaine 2016

ATHLETICS – TRACK EVENTS   – Santry

The school team who competed in Santry today

The Track Event Day in Santry was another successful one for the pupils of Taobh na Coille. Ruth Ní hAoláín did us proud when she brought home a bronze medal in the 60m sprint U10.

3rd Place in 60m

Both our girl’s and boy’s U10 relay teams also came 3rd in the final. Well done to Ruth Ní hAoláin, Clodagh Ní Chartúin, Meave Ní Ghrádaigh, Caroline Ní Fhaoláin and Aoife Ní Néill who represented the girls and Ted Ó hUigín, Charlie Flusk, Óran Ó Braonáin, Nicholas Ó Tóibín and Cathal Ó Craidhin who ran for the boys.

Relay Race : Third place for Under 10 Girls & Boys

………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

23 Bealtaine 2016

ATHLETICS – Santry

Monday 23rd May. Roughly 200 schools took part on the day in the following events – shot putt, long/high jump, hurdles and the 600m. Four participants from Gaelscoil Thaobh na Coille came home with medals.

Well done to David Bosch (hurdles U12) and Brendan Ó Cionnaith (600m U11) who won gold medals and Liam Ó Donaile (600m U12) and Róisín Ní Chathasaigh (600m U14) who both brought home silver.

Comhghairdeas leis na páistí ar fad a ghlac páirt. We are very proud of them all.

……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………….

20 Bealtaine 2016

An Múinteoir Karl Priestley le R3B                      An Múinteoir Oisín Mac Muiris le R3A

ANDY GIBBONS CUP  : Gaelscoil Thaobh na Coille have won the Andy Gibbons Cup – an local indoor hurling competition for 3rd class pupils  in the St Olaf’s GAA catchment area – for the fourth time in succession and remarkably for the sixth time in the past seven years. An Múinteoir Priestley’s class R3B were comprehensive victors (7-1) over Holy Cross NS in a repeat of last year’s final. Team Captain Cathal Ó Craidhn accepted the cup on behalf of the deserving victors. Earlier in the afternoon, An Múinteoiir Mac Muiris’ class R3A overcame Our Lady of the Wayside 5-3 in a tightly contested Plate final to complete the double.

HURLING & CAMOGIE  : The school has been participating with great success to date in Cumann na mBunscol hurling and camogie competitions for the past couple of months. The girls’ team topped their Olly Quinlan group and face Mourne Road GNS in their quarter final in Naomh Olaf GAA Club on Thursday 19th of May.The senior hurling team are competing in Corn Ághais and they too have reached the quarter final. They face Scoil Oilibhéar, Coolemine in Hermitage Park on Tuesday 24th of May.

ATHLETICS : Children from 3rd to 6th class will represent the school in the Cumann na mBunscol Athletics in Santry later this month. The Field Day will take place on Monday 23rd of May and will see competitors from the school participate in 600m, Long Jump, Shot Putt and Hurdles at various age groups. The Track day will take place a week later on Monday 30th May and this will consist of individual sprints and relay races.

BUÍOCHAS : Buíochas mór to the  múinteoirí who train the various teams and a special go raibh maith agat to our parents Turlach Ó Meachair & Gearóid Ó Riain who help us with the hurling training.

…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..

23 Deireadh Fómhair 2015

SCHOOL FOOTBALL TEAMS REACH THE FINALS

The senior football team and the girls’ football teams have reached Cumann na mBunscol finals, and will play  in Croke Park on Tuesday the 3rd of November. It promises to be special occasion for the school and we invite you to support the teams.

1.10pm            Clanna Gael Cup         (Senior Team v Gaelsccoil Bhrian Boróimhe, Swords)

2.20pm            An Chladaigh Shield    (Girls Team v St Mary’s, Woodview, Lucan)

Foireann Peile na gCailíní lena mbainisteoirí

An Muinteoir Karl Priestley & An Múinteoir Eavan Ní Mhuirgheasa 

All Pupils from 3rd-6th class will travel by bus to Croke Park on the day of the final to support our footballers. They will return to the school by 4.30pm.

……………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………

12 Deireadh Fómhair 2015

FOOTBALL LEAGUES

GIRLS FOOTBALL : The girls’ football team are participating in Cumann na mBunnscol’s Corn an Chladaigh this year. They played Scoil Mológa, Scoil Naithí and Scoil Nmh. Olaf in the group stages. A third placed finish resulted in a meeting with Scoil Treasa in the quarter finals of the shield, a game they won 3.10 v 2.06. They now look forward to a semi-final against Our Lady’s Grove PS in Deerpark on Wednesday.

BOYS FOOTBALL : Victories over St. Killian’s, Kilnamanagh; Oatlands, Stillorgan and Scoil Olaf, Ballaly ensured the school’s senior football team topped their Corn Chlanna Gael group. They overcame very tough opponents in St Benedict’s NS, Ongar, Clonee 3.09 v 3.06 in a tightly contested quarter final and now face a difficult trip to Corduff in their semi-final on Thursday.