Scéal beag ó rang N2A
Is cara mór le daltaí Gaelscoil Thaobh na Coille é an Garda Pat Cullen a tháinig isteach ar cuairt go Rang N2 ar an Déardaoin 8ú Deireadh Fómhair 2015.
Thaispeáin sé a éide agus a hata dúinn. Bhí dornaisc, bata agus radio aige freisin. Nuair a chroith sé an bata beag dubh mhéadaigh sé agus bhí ionadh ar na daltaí cé comh trom is a bhí sé.
Bhí moltaí ag Pat do na páistí ar fhaitíos go mbeidís caillte. Mhol sé dóibh ainm agus uimhir fón póca Mamaí nó daidí a fhoghlaim agus a bheith ar eolas acu. Ar lá mór sa chathair, ócaid ar nós cluiche peile nó paráid bhí Pat ag moladh go mba cheart do gach páiste an uimhir fón a bheith scríofa ar a lámh acu. Mhínigh sé dóibh go bhfuil na gardaí ann chun aire a thabhairt do gach duine. D’éist na páistí go géar leis agus is dócha go bhfuil an uimhir fón á fhoghlaim anois acu.
Chuamar amach sa chlós ansin chun an carr a fheiceáil. Bhí cead ag na páistí suí isteach sa charr. Bhí mála mór lán d’ éadaí ag Pat agus lig sé do na páistí gléasadh suas mar ghardaí.
Bhí an-craic go deo acu. Míle buíochas Pat!
12 Deireadh Fómhair