Craobh Peile


SROICHEANN FÓIRNE PEILE NA SCOILE CRAOBHANNA PEILE CHUMANN na mBUNSCOL

D’éirigh le foireann sinsear na scoile agus foireann na gcailíní craobhacha Cumann na mBunscol a bhaint amach i mbliana. Ócáid speisialta agus corraitheach ab ea é seo do Ghaelscoil Thaobh na Coille Páirc an Chrócaigh a bhaint amach ag dhá fhoireann peile na scoile. Bhí an dá chluiche ar siúl ar an Mháirt an 3 Samhain 2016.

AN LÁ MÓR : Bhí an-lá go deo againn ar an 3 Samhain nuair a chuaigh ranganna sinsearacha na scoile isteach go Páirc an Chrócaigh le     tacaíocht a léiriú d’fhoirne peile na scoile a bhí ag imirt i gcraobhanna peile Chumann na mBunscol, Átha Cliath. Bhí foireann sinsearach na scoile ag imirt in aghaidh Gaelscoil Brian Bóraimhe, Sórd i gCorn Chlanna Gael. Sár-chluiche a bhí ann agus bhí an lucht tacaíochta ar cipíní ó thús deireadh an chluiche. Bua bhreá 3-12 v 1-10 a bhí ag Gaelscoil Thaobh na Coille  agus na páistí agus a dtuismitheoirí ar bís go raibh an corn á thabhairt abhaile acu. D’imir foireann peile na gcailíní in aghaidh Scoil Mhuire, Leamhcán i Sciath an Chladaigh agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil orthu siúd le scór 5-8 v 2-2.

Ni gá a rá ach go raibh ríméad ar na páistí ag filleadh chun na scoile agus go raibh an tiománaí bus bocht bodhraithe ar an tslí abhaile leis an gcanadh agus an liú ‘Taobh na Coille Abú’! Comhghairdeachas & buíochas ó chroí leis na múinteoirí a dhéanann treanáil ar na fóirne peile : Maoilíosa Ó Dúbhthaigh, Rónán Mac Niallais, Eavan Ní Mhuirgheasa & Karl Priestley.

CUARDACH



ROGHA TEANGA