Mar chuid de cheiliúradh Éirí amach na Cásca 1916 iarradh ar bhunscoileanna na hÉireann tabhairt faoi ‘Fhorógra do Ghlúin Nua’ a dhréachta. Agus Forógra 1916 á úsáid acu mar bhunfhoinse rinne daltaí R5 & R6 an t-ábhar seo a phlé go mion ‘sna ranganna agus roghnaíodh ionadaithe ó na ranganna sin leis na smaointe ar fad a thabhairt le chéile agus a chuir i scríbhinn. Faoi stiúir & faoi threoir an Múinteoir Fiona Ní Chléirigh chuireadar ‘Forógra 2016 Gaelscoil Thaobh na Coille’ le chéile. Is léir go bhfuil tuairimí an0láidir agus fís an-soiléir acu don tír sa 21ú céad mar aon leis na luachanna gur mian leo iad a bheith i measc na bpobal againn.
Tá an 2 fhorógra, Forógra 1916 & forógra 2016 ar crochadh anois go poiblí i halla na scoile.
FORÓGRA 2016 GHAELSCOIL THAOBH NA COILLE
POBLACHT NA hÉIREANN
DO MHUINTIR NA hÉIREANN
A fheara, a mhná agus páistí na hÉireann uile:
In onóir na glúnta atá imithe romhainn, ba mhaith linne, páistí Ghaelscoil Thaobh na Coille, ár mbuíochas a ghábháil leo siúd, ár sinsear, a choinnigh ár gcultúr agus ár dteanga náisiúnta beo ó ghlún go glún. Creidimid go láidir sa chultúr saibhir seo agus an Ghaeilge atá ina croílár agus táimid an-bhródúil aisti. Braithimid go bhfuil sé de dhualgas orainne anois, leanúint leis an obair sin agus a chinntiú go mbronnaimid an cúltúr agus teanga chéanna do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.
Tuigimid gur fúinne a bheidh cúram na tíre seo, Éire, sa todhchaí. Déanfaimid sár iarracht mar phobal go dtoghfar rialtas sa tír a bheidh ionraic, éifeachtach agus a dhéanfaidh cinntí ar son leasa na tíre agus a saoránaigh i gcónaí.
Is cúis imní dúinn an córas sláinte. Iarrfaimid go gcuirfear níos mó airgid ar fáil agus go mbeidh clár sláinte cuimsitheach i ngach scoil sa tír le daoine a chur ar an eolas mar gheall ar chontúirt agus dochair mí-úsáid substaintí.
Is mian linn go mbeadh sé de cheart ag gach duine cónaí faoi dhíon agus cíos cóir, cothrom á ghearradh orthu.
Ba mhaith linn go gcuirfí earraí Gaelacha chun cinn rud a chruthódh níos mó postanna sa tír.
Creidimid gur chóir go mbeadh pobal uile na hÉireann, ainneoin cúlra eitneach, creidimh, aicme, gnéas nó aois, ar chomhchéim agus ar chomhdheiseanna. Ba choir go mbeidís in ann iad féin a chur in iúl gan cháineadh, leithcheal nó éagóir, saol sona a bhaint amach agus dul sa tóir ar a gcuid brionglóidí féin.
Is tábhachtach dúinn mar scoil go mbeadh ceart oideachais ag páistí uile an náisiúin leis an mbunscolaíocht agus méanscolaíocht go hiomlán saor in aisce agus molaimid gur choir go mbeadh táillí tríú léibhéal bunaithe ar ráta ioncaim.
Dearbhaímid go bhfuil sé de cheart ag muintir na hÉireann a bheith slán, sábháilte ina dtithe féin agus i mbun a gnáthshaolta laethúla. Chuige sin agus chun iarracht a dhéanamh ar a thuilleadh coir a sheachaint braithimid gur chóir go mbunófaí fórsa armtha. Éilímid gan a thuilleadh moille go nglanfar na sráideanna de choirpigh agus de choireanna.
Geallaimid go nglacfaimid cúram na timpeallachta orainn féin tré laghdú, athúsáid agus athchúrsáil. Is léir go bhfuil breoslaí iontaise ag éirí gann agus ní féidir iad a athnuachan. Is gá dúinn níos mó a fhoghlaim faoin bhfuinneamh in-athnuaite agus caithfimid úsáid a bhaint as foinsí nádúrtha ar nós cumhacht gréine, gaoithe agus taoide. Tuigimid an dualgas atá orainne an timpeallacht a choinneáil slán dóibh siúd atá le teacht.
Glacaimid freagracht mar bhall tábhachtach den Aontas Eorpach agus de na Náisiún Aontaithe comhrá, síocháin agus comhoibriú a chur chun cinn i measc náisiúin an domhain maidir le cearta daonna, slándáil agus forbairt. Tacaímid le na teifigh go mba gá dóibh éalú óna dtíortha dúchais de bharr síor chogaidh. Molaimid go scaipfear iad ar thíortha eile ar bhonn per capita. Go dtabharfar dídean agus saor thithíocht dóibh ar feadh bliain iomlán le deis a thabhairt dóibh socrú agus iad a spreagadh cur le sochaí na tíre sin.
Guímid go n-éireoidh linn na spriocanna seo a bhaint amach agus go leanfaimid ag obair i gcónaí ar son leasa ár dtír agus a pobal ilghnéitheach.
Sínithe ar son daltaí Ghaelscoil Thaobh na Coille 15 Márta 2016
Sophie Nic Aogáin David Bosch Síofra Ní Dhonnchú
James Ó Duibhleach Giulia Nic Eoin Neasa Ní Mhathúna Macdara Ó Raghallaigh