Banna Ceoil Scoile

15 Feabhra 2017

Tá an t-ádh linn i nGaelscoil Thaobh na Coille go bhfuil sár-cheoltóirí i measc foireann múinteoirí na scoile agus go dtugann siad a gcuid ama go flaithiúil leis an bua sin a roinnt leis na daltaí. Míle buíochas leo. Tá an t-ádh leis na páistí freisin go bhfuil tuismitheoirí iontacha acu a chuireann ar a gcumas freastal ar ranganna ceoil lasmuigh den scoil.  Is iontach an deis í seo dóibh.

Tá an banna scoile faoi lán tseol faoi láthair ag ullmhú don Chórfhéile. Beidh sé ar siúl san Ionad Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht ar an 7ú Márta ag a 10.30am

Tá cóiriú déanta ag na múinteoirí ar cheithre phíosa ceoil, ag baint úsáide as an réimse leathan uirlisí atá á sheinnt ag daltaí na scoile.  Buíochas mór leis na múinteoirí a thugann a gcuid ama chun an banna a choinneáil ar an mbóthar.

Thug an Banna Ceoil aghaidh ar Scoil Lorcáin an tseachtain seo caite le haghaidh seisiúin ollmhór idir muintir Thaobh na Coille, Scoil Lorcáin agus Gaelscoil na Cille. Bhí breis is 200 páiste ag seinnt le chéile ar an lá, agus cuireadh fáilte mhór rompu ann.

……………………………………………………………………………………………………………………………………

08 Samhain 2016

SEISIÚN CEOIL IDIRSCOILE

Tá Banna Ceoil na scoile ag dul ó neart go neart le os cionn 70 páiste ag freastal air, dhá lá sa tseachtain. Tá ceangail láidir déanta ag an mbanna ceoil scoile le 2 scoil eile a bhfuil bannaí ceoil acu, s’iad siúd Scoil Lorcáin i mBaile na Manach agus Gaelscoil na Cille, Cill Dhéaglán, Co. na Mí.

Bhí seisiún ceoil ollmhór anseo sa scoil ar an Mháirt an 08 Samhain nuair a tháinig timpeall 200 dalta ón trí scoil le chéile don lá. Bhí ceol, damhsa ar an sean nós, amhránaíocht againn agus a lán spraoi dár ndóigh!

B’iontach an rud é an oiread sin páistí óga a fheiceáil ag gabháil do cheol agus ag baint fíor-thaitneamh aisti. Eagrófar dhá sheisiún eile níos déanaí sa bhliain, ceann i Scoil Lorcáin & ceann eile i gCill Dhéaglán.

…………………………………………………………………………………………………………………

Márta 2016

Cór Fhéile na Scoileanna

Tá an t-ádh linn i nGaelscoil Thaobh na Coille go bhfuil sár-cheoltóirí i measc foireann múinteoirí na scoile agus go roinneann siad an bua sin go flaithiúil leis na daltaí.  Tá banna ceoil an-fhuinniúil againn sa scoil le breis is 70 dalta páirteach ann.

Bhí an-bhród go deo orainn nuair a sheinn an Banna Ceoil Scoile ag Córfhéile na Scoileanna ar an 3 Márta san ionad Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht. Chuir siad an-taispeántas ar an ardán agus fuair siad ard-mholadh ón moltóir as an gcur i láthair a rinne siad.

CUARDACH



ROGHA TEANGA