Gaelscoil Thaobh na Coille, Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18.
Fón 01 2950000 / Facs 01 2945902 R-phost: gaelscoil@taobhnacoille.ie
Cóipcheart © 2013 Gaelscoil Thaobh na Coille
FEIS RINCE SCOILE
Ghlac 80 dalta ó R2 go R6 páirt i bFeis Rince Atha Cliath. Ghlacadar páirt i gcomórtais rince fóirne. D’éirigh go han-mhaith leis an 10 fhoireann a bhí ag rince ar an lá agus tháinig slam mór boinn abhaile leis na páistí.
Bhain foireann rince ó R5A an chéad áit amach sa chomórtas do dhaltaí ó R5 & R6 agus bhí an-ríméad go deo orthu go raibh corn breá eile acu le cur ar taispeáint i gcófra na dtrófaíthe sa scoil!
Buíochas mór lenár múinteoir Rince Nuala Ní Eochaidh as na fóirne rince a ullmhú don chomórtas agus as na ranganna ar fad sa scoil a mhúineadh i rith na bliana.