27 Samhain 2015
D’fhonn comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain ó thárla Éirí amach 1916 agus ó fógraíodh Poblacht na hÉireann, leag an rialtas de chúram ag ar Óglaigh na hÉireann an Bhratach Náisiúnta a thabhairt chuig gach bunscoil sa tír. Cuid bhunthábhachtach de chlár comórtha Éire 1916 ab ea an tionscnamh seo.
Tháinig comhaltaí d’Óglaigh na hÉireann, an Leiftenant Antaine Ó Beoláin agus an Saighdiúr Singil Cuilleann Ní Charmadaí ar cuairt chun na scoile ar an Aoine an 27 Samhain agus bhronn siad an Bhratach Náisiúnta go foirmeálta ar Ellie Ní Chuinneagáin ó R6 (an dalta is sine sa scoil) ag searmanas speisialta a bhí againn sa halla. D’inis siad dúinn an modh inar ceart cúram a dhéanamh den Bhratach Náisiúnta agus an prótacal a ghabhann leis an gcomhartha beo seo ar an náisiún.
Léigh an Leiftenant Antaine Ó Beoláin amach forógra na Poblachta le cabhair ó Jack Ó Grádaigh ó R6 a léigh alt a 4 den bhForógra agus ansin bhronn sé cóip de Fhorógra na Poblachta ar an scoil.
Ar an 15 Márta 2016 eagrófar searmanas speisialta ceilíurtha mar chomóradh ar Éirí Amach 1916 i ngach bunscoil sa tír agus crochfar an an Bhratach nua ag an searmanas seo.