Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Dinnéar CeiliúrthaAnniversary Dinner

Óstán Chúirt an Phaoraigh, Ath na Scairbhe

Satharn 13 Feabhra 2016

Nuair a bhíomar ag tabhairt faoi imeachtaí a phleanáil  le ceiliúradh a dhéanamh ar 20 bliana na scoile rith sé linn go mba dheas an rud é dá mbeadh ócáid ar leith againn do thuismitheoirí na scoile. Chuamar chun cainte le Coiste na dTuistí faoi seo agus dúramar leo gur bhreá liom dá bhféadfadh siad oíche shóisialta/dinnéar ceiliúrtha a eagrú do thuistí na scoile –  iar-thuistí agus tuistí reatha.

S’éard a theastaigh uainn ná oíche shona, spraoiúil, thaithneamhach ina ndéanfaimís ceiliúradh ar an gcairdeas, ar an gcomhluadar & ar an spiorad álainn a bhí riamh agus atá fós i measc lucht bhunaithe, tuismitheoirí & foireann na scoile.

B’shin díreach a rinne siad. Bheadh sé fíor-dheacair an oíche a shárú. Bhí an-oíche go deo ag gach duine a bhí i láthair. Bhí atmaisféar fíor-álainn le sonrú a thúisce is a leag tú cos laistigh de dhoras an óstáin agus bhí sé rí-shoiléir go raibh gach éinne ann le taithneamh a bhaint as an oíche.

Míle buíochas le gach duine ar Choiste na dTuistí a chuidigh bealach amháin nó bealach eile leis an oíche íontach seo a eagrú.

Tá buíochas ar leith toillte ag Orfhlaith Déiseach agus Orla Uí Chuillinn as na huaireanta a chloig a chaith siad ag deighleáil agus ag plé le foireann an óstáin agus ag cinntiú go mbeadh an méid is mó ar fáil againn as ár gcuid airgid.

Buíochas le Julie Stóc as an obair tacaíochta ar fad a rinne sí don oíche, go speisialta ag bailiú duaiseanna agus ag díol ticéid.

Míle buíochas le freisin le Mary Mhic Dhomhnaill a rinne an cáca íontach seo don cheiliúradh. Thaitin sé go MÓR leis na páistí agus creid nó ná creid d’éirigh linn é a roinnt orthu ar fad -442 páiste!

Rinne sibh éacht a chailíní! Go raibh maith agaibh.

20 Bliain ag Fás – Iar-scoláirí ón gcéad rang sa scoil 

Bhí an-áthas go deo orainn na mná óga seo a bheith linn ag an gceiliúradh.

 Clíona Nic Gabhann, Neasa Ní Chonchubhair, Hannah Ní Chathmhaoil, Jade Ní Ruaidh, Ruth Ruithléis

 Meán Fómhair 1995

Powerscourt Hotel, Enniskerry

Saturday 13th February 2016

When we were thinking about ways in which to celebrate the school’s 20th anniversary we thought it would be lovely to organise some sort of event especially for the parents. We spoke with Coiste na dTuistí about this and said that we would love it if they would organise a social night/celebratory dinner for the parents of the school – past and  present.

Our wishes were that it would be a happy, enjoyable, fun filled night where we would celebrate the friendships, great company  and special spirit that was always there – and still is amongst the founding members, parents and staff of the school.

Well that’s exactly what we got. It couldn’t have been a better night. Everyone had an absolute ball. The atmosphere was electric, the style was ‘wow’, the food was top class and the company was just fantastic.

Buíochas to everyone on Coiste na dTuistí who was involved one way or another in organising this event. A Special and truly well deserved míle buíochas to Orfhlaith Déiseach & Orla Uí Chuillinn for the hours, day & weeks of work that they put into organising the Dinnéar Ceiliúrtha.

Buíochas to Julie Stóc for all her support especially in organising spot prizes & selling tickets. You did an incredible job.

Míle buíochas also to Mary Mhic Dhomhnaill who baked this magnificent cake for the celebration. The children absolutely loved it and believe it or not we managed to give all 442 pupils a piece!

Go raibh míle maith agaibh.

20 Bliain ag Fás – Past-pupils from the first class in the school.

Clíona Nic Gabhann, Neasa Ní Chonchubhair, Hannah Ní Chathmhaoil, Jade Ní Ruaidh, Ruth Ruithléis

We were delighted that these beautiful young ladies joined us for our 20th anniversary celebration.

September 1995