Craobh Iománaíochta/Camógaíochta

 20 Bealtaine 2016

LÁ STAIRIÚIL i bPÁIRC an CHRÓCAIGH

Bhí lá stairiúil ag Gaelscoil Thaobh na Coille i bPáirc an Chrócaigh Dé Luain 20 Meitheamh. Ní hamháin go raibh foireann iomána agus camógaíochta na scoile ag iomaíocht i gcraobhacha Chumann na mBunscol ach d’fhill an dhá fhoireann ar an scoil le corn. Is fíor annamh go mbíonn an bua ag foireann iomána agus camógaíochta ó scoil amháin an bhliain chéanna! D’éirigh leo an éacht céanna a bhaint amach, nach mór, i rith an tséasúr peile nuair a bhuaigh peileadóirí sinsear na scoile Corn Chlanna Gael agus bhuaigh foireann na gcailíní Sciath an Chladaigh. Dá bhrí sin, bhí ceithre chomórtas Cumann na mBunscol as ceathair buaite ag Gaelscoil Thaobh na Coille laistigh den aon scoilbhliain amháin.  Níor éirigh le haon scoil é sin a dhéanamh ó bunaíodh Cumann na mBunscol sa bhliain 1928.

CORN OLLY QUILNAN – CRAOBH CAMÓGAÍOCHTA

Bhí lucht tacaíochta na scoile le chloisteáil ón bpáirc sular chaith an réiteoir Mary Boggan an sliotar isteach le craobh Chorn Olly Quinlan a thosú ag 12.20pm. Ón gcéad nóiméad ar aghaidh bhí sé soiléar gur thuig na cailíní an tábhacht a bhain le tús láidir agus gur thuig siad plean an chluiche a bhí leagtha amach ag múinteoirí/ bainisteoirí Máirín Ní Dhubhthaigh agus Rícheal Ní Thiarnaigh dóibh. Cé gur scaoileamar isteach dhá chúl bog go leor sa chéad leath, bhíodar fós chun tosaigh le cúl agus 5 phointe ag leath ama. Bhí dhá chúl agus cúig pointe faighte ag imreoir lár páirce, Róisín Ní Chathasaigh le linn an tréimhe seo. Scóráil Caoimhe Ní Ghrádaigh cúl agus chuir Sophie Nic Aogáin pointe leis an scór freisin. 3-06 v 2-01 a bhí ann ag leath ama.

Lean cailíní na scoile ag iomaíocht sa dara leath agus bhí sé soiléar nach mbeadh seans ag Scoil Treasa, Teach na Giúise, a bhealach a dhéanamh ar ais isteach sa chluiche. Chuir Caoimhe leis an cúl a fuair sí sa chéad leath le dhá chúl eile, éacht den scoth do chailín nach bhfuil ach i Rang a 4. Fuair Róisín 1-02 sa dara leath agus 3-07 san iomlán. Scóráil Sophie cúl agus fuair Clodagh Nic Eochagáin cúilín breá ag druidim le deireadh an chluiche.

Chríochnaigh an cluiche leis an scór 7-09 v 3.02. Ghlac Caoimhe Ní Mhathúna (Captaen) agus Róisín Ní Chathasaigh (Leas Chaptaen) Corn Olly Quinlan ar son na scoile. Ba é an chéad uair riamh don scoil corn camógaíochta Cumann na mBunscol a bhuachaint.

 Painéal Camógaíochta don chraobh:

1 Róisín Nic Philib, 2 Doireann Ní Bhraonáin, 3 Caoimhe Ní Mhathúna (Captaen), 4 Ellen Nic Dhomhnaill, 5            Clodagh Nic Eochagáin, 6 Ava Ní Mhaonaigh, 7 Neasa Ní Mhathúna,                 8 Róisín Ní Chathasaigh (Leas Captaen), 9 Caoimhe Ní Ghrádaigh, 10 Sophie Nic Aogáin, 11 Síofra Ní Dhonnchú, 12 Charlotte Ní Lionard, 13 Ingrid Ní Bhroin. Ionadaithe: 14 Abbie Nic Dhomhnaill, 15 Aoife  Nic Cartúin, 16 Ellie Ní Chuinneagáin, 17 Rachel Ní Mhurchú, 18 Clodagh Nic Cartúin, 19 Eva Nic Daid, 20 Zoe Nic Riobáird, 21 Ruth Ní hAoláin.

CORN ÁGHAIS – CRAOBH IOMÁNAÍOCHTA

Ghlac painéal iomána páirt i gCraobh Chorn Ághais i gcoinne Scoil Naomh Eoin Bosco ó Bhóthar na hUaimhe. Bhí triúr d’imreoirí Bhaile Átha Cliath ag imirt dóibh agus bhí sé soiléar go mbeadh orainn imirt ar ár seacht ndícheal. Chaith na réiteoir Tony Lennon an sliotar isteach ag a 1.30pm. Cluiche den scoth a bhí ann. Chuir an dhá fhoireann tréan iarracht isteach agus bhí comhscór (1-05 v 1-05) ann ag leath ama. Is iad Conal Ó Riain (1-01), Colm Ó Craidhn (0-03) agus David Ó hAoláin (0-01) a fuair na scóranna sa chéad leath.

Mhol na bainisteoirí – An Múinteoir Mac Muiris agus An Múinteoir Ó Dubhthaigh – sár-iarracht na bpáistí ag leath ama. Lean an dara leath mar a chríochnaigh an chéad leath. Bhí ard- chaighdeán go deo iomána ann agus throid an dhá fhoireann do chuile liathróid. Bhí an 25 nóiméad imeartha caite nuair a shéid an réiteoir an fheadóg do chalaís i bhfábhar na Gaelscoile. Comhscór a bhí ann (1-10 don dhá fhoireann) ag an am. Bhí Conal tar éis ceithre chúilín breise a fháil faoin am seo agus chuir Colm pointe breise leis an scór freisin. Réitigh Colm é féin don phoc saor agus chuir sé é díreach thar lár an dtrasnáin. Ba é sin scór deiridh sa chluiche. Bhí an ceann is fearr bainte amach ag foireann na Céime le pointe amháin. D’ardaigh Seán Ó Drisceoil (Captaen) agus Seán de Búrca (Leas Chaptaen) – a bhí ag ceiliúradh a bhreithlá – an corn ar son na scoile. Gabhaim buíochas le Gearóid Ó Riain (Daidí Chonail) agus Turlach Ó Meachair (Daidí Chaeil) as ucht an traenáil ar fad a rinne siad leis an bhfoireann i mbliana.

Bhí an dhá chorn buaite ag an scoil agus d’imir Róisín Ní Chathasaigh sa dhá chluiche. Bhuaigh sí an 9ú bonn Chumann na mBunscol le ceithre bhliain anuas. Níl páiste ar bith sa chontae a bhuaigh níos mó boinn ná í riamh! Ní bheidh bliain mar seo ag an scoil riamh arís.

Painéal Iomána don chraobh:

1 Seán de Búrca (Leas Captaen), 2 Brendan Ó Cionnaith, 3 Seán Ó Drisceoil (Captaen), 4 Jack Breathnach, 5     Jack Ó Grádaigh, 6 Liam Ó Donaile, 7       Daniel Rodin, 8 Colm Ó Craidhn, 9 Ben Mac Riobáird, 10 Conal Ó Riain, 11David Ó hAoláin, 12 Teddy Mac Liam, 13 David Bosch, 14 Evan Binley, 15 Barra Ó Faoláin. Ionadaithe: 16 Róisín Ní Chathasaigh, 17 Seán Ó hEarcáin,  18 Seán Ó Maoltuile, 19 Cael Ó Meachair, 20 Oilibhéar Ticher,  21 Macdara Ó Raghallaigh, 22 Cillian Mac Gabhann,  24 Jack Ó hUigín, 25 Garvan Ó Déaghaidh, 26 Scott Déiseach, 27 Tadhg Brúc, 28 Seán Mac Cnáimhsí, 29 Conor de Róiste, 30 Fionn Mag Eiteagáin, 31 Tom Ó Dochartaigh.

CUARDACH



ROGHA TEANGA