Corn Sam Maguire

Cuairt Corn Sam Mhic Uidhir

Tháinig imreoir d’fhoireann peile Bhaile Átha Cliath agus amhránaí ón mbanna ceol ‘The Merry Ploughboys’ ar cuairt leis an gCorn Sam Óg Mhic Uidhir Dé hAoine, 18 Mí na Samhna.

Chruinnigh gach rang sa scoil sa halla agus chuir na páistí fáilte mhór roimh Liam Ó hÉineacháin, ceoltóir agus amhránaí leis an mbanna ceol ‘The Merry Ploughboys’ agus úinéar an teach tabhairne i Ráth Fearnáin leis an t-ainm céanna, a tháinig chuig an scoil le cuidiú linn fáilte a chuir roimh Sam. Chum Liam an t-amhrán ‘Sam is Coming Home’ sa bhliain 2011 in onóir d’fhoireann Áth Cliath a bhuaigh an Corn Sam Mhic Uidhir i gcoinne Ciarraí 1-12 v 1-11 sa bhliain céanna. Chum sé ‘Tá Sam ag Filleadh Abhaile’ – leagan Gaeilge den amhrán go speisialta do dhaltaí Gaelscoil Thaobh a Coille an lá sular tháinig sé ar cuairt agus bhí páístí ó R2-6 in ann é a chanadh leis ar an lá. Chan Liam na hamhráin traidisiúnnta Óró ‘Sé do Bheatha Bhaile, Beidh Aonach Amárach, Trasna na dTonnta agus Tír na nÓg chomh maith agus chruthaigh sé an-atmaisféar sa halla.

Mhínigh an Múinteoir Ó Dubhthaigh go bhfuil an corn cáiliúl seo ainmnithe i ndiaidh Samuel Maguire a rugadh in Iarthar Corcaigh sa bhliain 1877. Chaith sé cuid mhaith dá saol ag obair ar son an Cumann Lúthchleas Gael i Londain agus nuair a fuair sé bás sa bhliain 1927, bheartaigh oifigigh an Chumann airgead a bhailiú agus corn a cheannach ar chostas £300. Bheadh luach beagnach €30,000 air sa lá atá inniu ann! Bronnadh an corn ar an gCumann Lúthchleas Gael an bhliain dár gcionn agus bhronn an CLG é ar Chill Dara, buaiteoirí Craobh Peile Sinsear a hÉireann in 1928. Mhair an chorn sin trí scór bliain ach i 1987, cuireadh isteach i musaem Pháirc an Chrócaigh é de bharr an damáiste ar fad a déanadh dó thar na blianta. Rugadh ‘Sam Óg’ in 1988. Ba iad Co. na Mí an chéad fhoireann a bhuaigh ‘Sam Óg’ sa bhliain céanna. Mar a thárlaíonn sé ba iad a fhoireann deireannach a bhuaigh sean Sam i 1987 freisin. Bhuaigh Baile Átha Cliath Sam Óg don chéad uair i 1995 (i gcoinne Ciarraí). Tá sé do-chreidte go bhfuil sé buaite againn 4 huaire (2011 v Ciarraí, 2103 v Maigh Eo, 2015 v Ciarraí agus 2016 v Maigh Eo) le 6 bliana anuas!

Bhí na páistí go léir ar bís Davy Byrne, taca le B.Á.C. agus Captaen ar fhoireann sinsear peile Naomh Olaf, a fheiceáil. Bhí Davy toilteannach an cuairt a dhéanamh in ainneoin gur bhris sé a rúitín le gairid roimhe sin, rud a d’fhág ar mhaidí croise é. Bhí sé lán sásta ceisteanna na bpáistí a fhreagairt ar feadh thart ar leath uair an chloig.

Ag aois 22 bliain, tá níos mó buaite ag David Byrne ná formhór imreoirí idir-chontae. Go dtí seo tá Sam buaite aige trí huaire (2013, 2015 & 2016), Sraith Sinsear Peile Laighean 4 huaire (2013-16), Corn Peile a hÉireann Faoi 21 (2014) & Corn Peile Mionúir na hÉireann (2012). Tá an sraith náisiúnta buaite aige faoi dhó freisin.

Is mac léinn gnó é Davy i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Chabhraigh sé le UCD an Corn Sigerson – an corn is mó le rá do mhic léinn an tríú leibhéal – a bhuachaint don chéad uair i fiche bliain nuair a bhain UCD an cheann is fearr amach ar DCU sa chraobh.

Ghlac an príomhoide griangraif ranga do chuile rang sa scoil le Sam, rud a chuir go mór leis an ócáid. Bhí lá iontach againn go léír. Is cosúil gur bhain idir dhaltaí agus fhoireann na scoile tairbhe agus taitneamh as an gcuairt.

Buíochas mór le Darren Egan (Oifigeach Bolscaireachta Cluichí Club CLG Naomh Olaf) a d’eagraigh cuairt Sam Óg. Baile Átha Cliath abú!

CUARDACH



ROGHA TEANGA