Fiona Ní Chléirigh

Tá Fiona Ní Chléirigh ag múineadh linn ar an bhfoireann  anseo i nGaelscoil Thaobh na Coille ó Mheán Fómhair 2003. Roimhe sin bhí sí ag obair i gCill Chumhaill agus i dTamhlacht. Agus blianta fada caite aici ag múinteoireacht tá sé beartaithe aici dul amach ar scor ag deireadh na míosa seo.

Creideann Fiona go mór sa Ghaeilge, sa cheol, san oidhreacht ghaelach agus san oideachas. Tá fuinneamh agus spiorad dochreidte ag Fiona agus is mór an chailliúint í dúinne i nGaelscoil Thaobh na Coille, gan a bheith ag trácht ar chailliúint don chóras oideachais i gcoitinne.

Táim cinnte go  n-aontóidh éinne agaibh a raibh páistí agaibh ina rang liom nuair a deirim go dtugann sí 100% do na páistí a bhíonn   faoina cúram agus gurb é leas, dul chun cinn agus forbairt phearsanta na bpáistí a bhíonn mar phriaracht aici i gcónaí.

Gabhaimíd buíochas ó chroí leí as gach rud atá déanta aici anseo thar na mblianta. Mothóimíd uainn go mór í ar fhoireann na scoile ach guímíd gach rath agus sonas uirthi ‘sna blianta fada ghníomhacht atá roimpi amach.

Go raibh maith agat a Fhiona

CUARDACH



ROGHA TEANGA