15 Márta 2017
Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge d’eagraigh Gaelscoil Thaobh na Coille comórtas Claisceadail do dhaltaí R4 ‘sna scoileanna logánta. S’éard a bhí i gceist ná gur chan gach rang 2 amhrán traidisiúnta Gaeilge. An rang ar fad a bhí ag canadh agus is amhránaíocht gan tionlacan a bhí i gceist.
Bhí an comórtas ar siúl i nGaelscoil Thaobh na Coille ar an Mháirt an 14 Márta agus bhí an-lá amhránaíochta go deo againn. Tugadh ard-mholadh do na páistí as an amhránaíocht álainn bhinn a rinneadar agus as cé chomh maith is a bhí focail na n-amhrán ar eolas acu. Is measc na n-amhrán canadh bhí: Buachaill ón Éirne, Téir Abhaile Riú, Trasna na dTonnta, Óró Sé do Bheatha Bhaile, Mo Ghile Mear & Bean Pháidín.
Cé gur beag marc a bhí idir na claisceadail éagsúla bhí an bua ag R4 Gaelscoil Thaobh na Coille ar an lá.
Comhgháirdeachas leo agus lena múinteoir ranga Ciara Ní Bháille. Comhgháirdeachas freisin le daltaí R4 ó Scoil Mhuire, Taobh na Coille, R4 Bunscoil Eaglais na hÉireann, Cill Tiarnáin & R4A Gaelscoil Thaobh na Coille – bhíodar ar fad go híontach. D’éirigh go han-mhaith leis an imeacht seo agus táimid ag súil le Comórtas Claisceadail na Céime a reachtáil ar bhonn bliaintiúil amach anseo.
……………………………………………………………………………………………………………………………………
Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge tá Gaelscoil Thaobh na Coille ag eagrú comórtas Claisceadail do dhaltaí R4 ‘sna scoileanna logánta. S’éard a bheidh i gceist ná go gcanfaidh gach rang 2 amhrán traidisiúnta Gaeilge. An rang ar fad a bheidh ag canadh agus is amhránaíocht gan tionlacan a bheidh i gceist. S’iad na sean-amhráin Ghaeilge ar nós Báidín Fheidhlimí, Trasna na dTonnta, Óró Sé do Bheatha Bhaile, Beidh Aonach Amárach & rl. atá i gceist.
Beidh an comórtas ar siúl anseo i nGaelscoil Thaobh na Coille ar an Mháirt an 14 Márta agus beidh 5 scoil ón gceantair páirteach ann. Táimid ag súil gur comórtas bliaintiúil a bheidh anseo.
Glacfaidh na scoileanna seo a leanas páirt i gComórtas Claisceadail na Céime 2017
- Gaelscoil Thaobh na Coille
- St. Mary’s NS, Áth an Ghainimh
- Kilternan Church of Ireland NS, Cill Tiarnáin
- Our Lady of the Wayside, Cill Tiarnáin
- Holy Trinity NS, Baile na Lobhar