Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Claisceadal na CéimeClaisceadal na Céime

15 Márta 2017

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge d’eagraigh Gaelscoil Thaobh na Coille comórtas Claisceadail do  dhaltaí R4 ‘sna scoileanna logánta.  S’éard a bhí i gceist ná gur chan gach rang 2 amhrán traidisiúnta Gaeilge. An rang ar fad a bhí ag canadh agus is amhránaíocht gan tionlacan a bhí i gceist.

Bhí an comórtas ar siúl  i nGaelscoil Thaobh na Coille ar an Mháirt an 14 Márta agus bhí an-lá amhránaíochta go deo againn. Tugadh ard-mholadh do na páistí as an amhránaíocht álainn bhinn a rinneadar agus as cé chomh maith is a bhí focail na n-amhrán ar eolas acu. Is measc na n-amhrán canadh bhí: Buachaill ón Éirne, Téir Abhaile Riú, Trasna na dTonnta, Óró Sé do Bheatha Bhaile, Mo Ghile Mear & Bean Pháidín.

Cé gur beag marc a bhí idir na claisceadail éagsúla bhí an bua ag R4 Gaelscoil Thaobh na Coille ar an lá.

Comhgháirdeachas leo agus lena múinteoir ranga Ciara Ní Bháille. Comhgháirdeachas freisin le daltaí R4 ó Scoil Mhuire, Taobh na Coille, R4 Bunscoil Eaglais na hÉireann, Cill Tiarnáin & R4A Gaelscoil Thaobh na Coille – bhíodar ar fad go híontach. D’éirigh go han-mhaith leis an imeacht seo agus táimid ag súil le Comórtas Claisceadail na Céime a reachtáil ar bhonn bliaintiúil amach anseo.


…………………………………………………………………………………………………………………………………… 

Mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge tá Gaelscoil Thaobh na Coille ag eagrú  comórtas Claisceadail do  dhaltaí R4 ‘sna scoileanna logánta.  S’éard a bheidh i gceist ná go gcanfaidh gach rang 2 amhrán traidisiúnta Gaeilge. An rang ar fad a bheidh ag canadh agus is amhránaíocht gan tionlacan a bheidh i gceist. S’iad na sean-amhráin Ghaeilge ar nós Báidín Fheidhlimí, Trasna na dTonnta, Óró Sé do Bheatha Bhaile, Beidh Aonach Amárach & rl. atá i gceist.

Beidh an comórtas ar siúl anseo i nGaelscoil Thaobh na Coille ar an Mháirt an 14 Márta agus beidh 5 scoil ón gceantair páirteach ann. Táimid ag súil gur comórtas bliaintiúil a bheidh anseo.

Glacfaidh  na scoileanna seo a leanas páirt i gComórtas Claisceadail na Céime 2017

  • Gaelscoil Thaobh na Coille
  • St. Mary’s NS, Áth an Ghainimh
  • Kilternan Church of Ireland NS, Cill Tiarnáin
  • Our Lady of the Wayside, Cill Tiarnáin
  • Holy Trinity NS, Baile na Lobhar

15 Márta 2017

As part of our seachtain na Gaeilge events Gaelscoil Thaobh na Coille hosted a choral singing competition open to pupils of 4th class in the local schools. Each 4th class sang two traditional Irish songs (as Gaeilge). Each class sang as a choir and they sang unaccompanied. The competition took place in Gaelscoil Thaobh na Coille on Tuesday the 14th of March and a great day of music & song was had by all.

The children were praised for their beautiful singing and on how well they knew the words of the songs. The songs sung on the day included some Irish songs you might remember from your own school days – songs such as: Buachaill ón Éirne, Téir Abhaile Riú, Trasna na dTonnta, Óró Sé do Bheatha Bhaile, Mo Ghile Mear & Bean Pháidín. Although there was very little between the choirs, Rang 4B from Gaelscoil Thaobh na Coille were the winners.

 

Congratulations to them and their class teacher Ciara Ní Bháille. Congratulations also to the 4th class pupils from St Marys, Sandyford, Church of Ireland NS, Kilternan and R4A from Gaelscoil Thaobh na Coille – they were all great. We hope that this competition will become an annual event.

………………………………………………………………………………………………………………………………….


As part of our seachtain na Gaeilge events Gaelscoil Thaobh na Coille is hosting a choral singing competition for the pupils of  4th class in the local schools. Each 4th class will sing two traditional Irish songs (as Gaeilge). Each class will be singing as a choir  and they will be singing unaccompanied. The songs that are to be sung are the old Irish songs that we know from our own school days; Báidín Fheidhlimí, Trasna na dTonnta, Óró Sé do Bheatha Bhaile, Beidh Aonach Amárach etc.

The competition will take place in Gaelscoil Thaobh na Coille on Tuesday the 14th of March and 5 local schools have already signed up to participate. We are hoping that this competition will become an annual event.

The following schools will compete in Comórtas Claisceadail na Céime 2017

  • Gaelscoil Thaobh na Coille
  • St. Mary’s NS, Áth an Ghainimh
  • Kilternan Church of Ireland NS, Cill Tiarnáin
  • Our Lady of the Wayside, Cill Tiarnáin
  • Holy Trinity NS, Baile na Lobhar