29 Márta 2017
CEOLCHOIRM RÉIGIÚNACH BHAILE ÁTHA CLIATH
Lárionad Náisiúnta Cispheile, Tamhlacht
Dé Máirt 28 Márta 2017
Nella Fantasia le Ennio Morricone
Bhí an-oíche go deo ag daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí R5 & R6 amuigh sa Lárionad Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht nuair a chan daltaí R5 & R6 ar fad mar chuid d’ollchór 500 dalta ó 7 mbunscoil éagsúil ó Bhaile Átha Cliath. Bhí an t-amhránaíocht do-chreidthe binn agus fíor-álainn. Tá sé deacair a chuir i bhfocal cé chomh deas is a bhí an oíche agus bhíomar fíor, fíor-bhródúil as daltaí na scoile s’againne as cé chomh béasach, dea-mhúinte is a bhí siad ar an oíche agus as cé chomh maith is a chanadar agus a leanadar treoracha stiúrthóir na hoíche, Mairéad Déiseach. Tá súil againn ceolchoirm a chuir ar siúl do thuismitheoirí uile na scoile níos déanaí sa bhliain.
Thosaigh daltaí R5 & R6 ag foghlaim an 15 amhrán ar chlár amhrán Cór Náisiúnta na nÓg 2017 ag tús na scoil bhliana seo. Thángadar le chéile uair sa tseachtain leis na hamhráin a fhoghlaim agus a chleachtadh go dtí go raibh siad ar fad ar eolas acu. Bhí 3 mhór-chleachtadh acu i rith na bliana freisin le dhá scoil eile ón gceantair l – St Patrick’s NS, Gleann Cuilinn & Holy Trinity NS, Baile na Lobhar. Tháinig an dian-obair ar fad le chéile nuair a ghlac na páistí páirt sa chéad cheolchoirm Réigiúnach B.Á.C. Cór Náisiúnta na nÓg i dTamhlacht. Seo a leanas na hamhráin a chan na páistí ag an gceolchoirm:
- Moon River le Henri Mancini
- Óró ‘Sé do Bheatha Abhaile (traidisiúnta)
- Hallelujah Chorus le George Fredric Handel
- Lightning! le Greg Gilpin
- Fill, Fill a Rún Ó (traidisiúnta)
- Mornin’Glory! cóirithe ag Rollo Dilworth
- May We Never Have To Say Goodbye le Shaun Davey
- Panis Angelicus le César Franck
- From a Distance le Julie Gold
- Don’t Stop Me Now le Freddie Mercury
- Eatnemen Vuelie le Frode Fjellheim
- Fionnghuala (traidisiúnta)
- Nella Fantasia le Ennio Morricone
- When I Grow Up le Brendan Graham
- My Sunshine - ‘O Sole Mio! le Eduardo di Capua
From a Distance le Julie Gold
Tháing Cór Náisiúnta na nÓg ar an saol mar chuid de Bhliain Idirnáisiúnta an Cheoil, 1985. Theastaigh ó Seán Creamer (Cigire Ceoil leis an Roinn Oideachais ag an am) ceiliúradh a dhéanamh ar an gceol i mbealach speiaialta. B’é an smaoineamh a bhí aige ná clár amhrán a chuir le chéile a d’fhoghlaimeodh daltaí bunscoile i ranganna 4, 5 & 6 agus go dtiocfadh na scoileanna le chéile ansin le ceolchoirm a chuir os comhair an phobail. Chuaigh sé chun cainte le roinnt múinteoirí, mheall sé iad le páirt a ghlacadh sa tógra seo agus b’shin mar a thosaigh Cór Náisiúnta na nÓg. Tá breis is 15,000 páiste taréis páirt a ghlacadh i gceolchoirmeach réigiúnach Cór Náisiúnta na nÓg ó 1985 i leith. Is mór an éacht í sin.
……………………………………………………………………………………………………………..
15 Feabhra 2017
Tá daltaí Rang a 5 & R6 ag glacadh páirt i gCór Náisiúnta na nÓg i mbliana. Tá na daltaí ag foghlaim clár 15 amhrán álainn a chanfaidh na daltaí mar chuid de Chór Náisiúnta na nÓg in oll-cheolchoirm a bheidh ar siúl san Ionad Cispheile Náisiúnta i dTamhlacht ar an 28ú Márta 2017.
Seo a leanas na hamhráin atá á fhoghlaim acu:
- Moon River le Henri Mancini
- Óró ‘Sé do Bheatha Abhaile (traidisiúnta)
- Hallelujah Chorus le George Fredric Handel
- Lightning! le Greg Gilpin
- Fill, Fill a Rún Ó (traidisiúnta)
- Mornin’Glory! cóirithe ag Rollo Dilworth
- May We Never Have To Say Goodbye le Shaun Davey
- Panis Angelicus le César Franck
- From a Distance le Julie Gold
- Don’t Stop Me Now le Freddie Mercury
- Eatnemen Vuelie le Frode Fjellheim
- Fionnghuala (traidisiúnta)
- Nella Fantasia le Ennio Morricone
- When I Grow Up le Brendan Graham
- My Sunshine – ‘O Sole Mio! le Eduardo di Capua
Tagann an ceithre rang lé chéile sa halla gach Máirt ag 1:30 ar feadh uair a chloig leis an clár amhrán a fhoghlaim. ‘Sí an Múinteoir Emer Nic Chonchradha a mhúineann na hamhráin dúinn.
Bíonn trí ollchleachtadh againn i rith na bliana nuair a thagann daltaí R5 & R6 ó Holy Trinity NS, Baile na Lobhar agus St Patricks NS, Gleann Cuilinn le chéile leis na hamhráin atá foghlamtha againn lenár scoil féin a chleachtadh le chéile. Bíonn thart ar 250 dalta ar fad ag na gcleachtadh sin. Bíonn an príomhoide ag stíuradh an chóir agus bíonn an Múinteoir SadhbhNí Fhloinn/an Múinteoir Richeal Ní Thiarnaigh dár dtionlacan ar an bpianó.
Táimid ag obair go dian i láthair na huaire ag foghlaim na hamhráin deiridh atá ar an gclár mar nach fada uaim anois an Ceolchoirm mór Réigiúnach ina mbeimíd ag canadh.