Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Céilí MórCéilí Mór

16 Márta 2017

Bíonn Céilí Mór scoile againn gach bliain mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Faraor tá an scoil éirithe chomh mór sin anois go mbíonn orainn dhá Chéilí a reachtáil mar nach mbeadh spás rince againn sa halla do dhaltaí uile na scoile! Bhí Céilí amháin againn do na ranganna A ar fad – ó N1A go R6A agus an dara ceann do na ranganna B ar fad – ó N1B go R6B!

Rinne na daltaí sinsearacha rince leis na daltaí sóisearacha agus chinntigh siad nach ndeachaigh siad amú agus iad ag rince Ballaí Luimní. Bíonn sé go halainn na páistí ‘Móra’ a fheiceáil ag rince leis na páistí ‘beaga’ agus iad lách, cinealta leo.

Tháinig na páistí ar fad ar scoil gléasta i ndathanna na hÉireann – glas, bán & oráiste mar cheiliúradh ar Lá le Pádraig a bhí ann an lá dar gcionn. Bhí an-iarracht déanta ag na páistí (agus a gcuid tuismitheoirí) gléasadh oiriúnach a bheith orthu agus rinne roinnt daltaí an-iarracht go deo le T-léinte Gaeilge, hataí, spéaclaí, maisiúcháin gruaige maisiúcháin aghaidh orthu.

Buíochas mar is gnáth lenár múinteoir rince Nuala Ní Eochaidh a thagann isteach uair sa tseachtain le rince a mhúineadh do na páistí. Tá sí ar fheabhas ar fad agus tá an-cion ag na páistí uirthi.

Bhí na páistí ar fad traochta i ndiaidh an rince ar fad ach is cinnte gur bhaineadar ar fad an0taitneamh as an rince agus an spórt a bhí acu ag an gcéilí.

Grianghraif ó Chéilí B!