Beallairmín, An Chéim, B.Á.C. 18

gaelscoil@taobhnacoille.ie

+353 1 2950000

Siúlóid Scoile 2013Siúlóid Scoile 2013

Nach orainn a bhí an t-ádh ar maidin leis an aimsir. Don chéad uair le cúpla bliain anuas d’éirigh linn an ‘Siúlóid Scoile’ a shiúl gan an ócáid a chur ar athló lá i ndiaidh lae de bharr na droch-aimsire, mar a thárla le cúpla bliain anuas!

Bhailigh daltaí, tuismitheoirí agus múinteoirí na scoile le chéile sa scoil ag a 8am ar maidin agus chuamar ar shiúlód bhreá thart timpeall ar Bhaile Mhic Aogáin & ar Bheallairmín.

B’íontach an radharc é breis is 400 duine a fheiceáil ag siúl in aon ghrúpa mór amháin,  na veisteanna shofheicthe ag cur leis an radharc.

Bhí na daltaí is sinsearaí sa scoil ag coinneáil súil ar na daltaí is óige agus iad ag caint agus ag clabaireacht le linn na siúlóide.  D’fhilleamar ar an scoil ag a 9am agus bhí sú oráiste agus builín beag aráin ann do na páistí ar fad.

Buíochas le Coiste na dTuismitheoirí & le tuismitheoirí Rang a 6 as an Siúlóid Urraithe Scoile a eagrú ar maidin.

 26 Aibreán 2013

How lucky were we this morning with the weather! For the first time in years we managed to hold our ‘Siúlóid Scoile’ without having to postpone it over and over again due to bad weather!

 Pupils, parents and múinteoirí gathered this morning at 8am and set off on our sponsored walk around Aikens Village and Belarmine Estate.

 It was great to see over 400 people walking as one big group, the high vis vests adding great impact to the sight.

 The senior pupils kept an eye on the younger pupils, walking and chatting with them  as they went along. We returned to the school for 9am where the pupils were given orange juice and a brioche roll.

Buíochas le Coiste na dTuismitheoirí &  tuismitheoirí Rang a 6 for organising the sponsored ‘Siúlóid Scoile’  this morning.

26 April 2013