Annalise Murphy

03 Aibreán 2017

Cuairt ón seoltóir Oilimpeach, Annalise Murphy ar Ghaelscoil Thaobh na Coille

Bhí ríméad agus án-áthas ar dhaltaí Thaobh na Coille nuair a thug buaiteoir an bonn airgid seoltóireachta ‘sna Cluichí Oilimpeacha, Annalise Murphy, cuairt ar Ghaelscoil Thaobh na Coille Dé Luain 3 Mí Aibreáin.

In éindí léi bhí Cathaoirleach Chontae Comhairle Dún Laoghaire Ráth an Dúin, Cormac Ó Deibhlín. Labhair an Comhairleoir Ó Deibhlín faoin bhfeachtas ‘Try Sailing’ agus ansin chuir sé Annalise in aithne do mhúinteoirí agus do dhaltaí R3 go R6.

Thaispeáin siad físeán gearr d’Annalise agus í ag iomaíocht ar son na hÉireann i Rio sa Bhrasaíl i 2016 agus ansin labhair sí go paiseanta faoin seoltóireacht. Bhí sí lán sásta ceisteanna ón lucht féachana a fhreagairt agus bhí sé soiléar óna cuid freagraí go raibh pearsantacht álainn adhnáireach, geanúil aici.

Is cinnte go ndeachaidh Annalise go mór i bhfeidhm ar chuile duine a bhí i láthair agus ba chúis bróid don scoil é í a bheith linn.

Griangraif ranga le Annalise Murphy

CUARDACH



ROGHA TEANGA