Cór Náisiúnta na nÓg 2013

Ghlac daltaí R5 & R6 páirt i gceolchoirm réigiúnach de chuid Cór Náisiúnta na nÓg san Ionad Cispheile Náisiúnta i dTamhlacht ar an Aoine an 26 Aibreán 2013. Bhí an clár amhráin de 16 amhrán á fhoghlaim acu ó thús na scoil bhliana seo mar chuid den oideachas ceoil.

Bhí suas le 500 dalta ó scoileanna éagsúla i mBaile Átha Cliath ar an ardán agus iad ag canadh le tionlacan ceolfhoireann proifisiúnta faoi stiúr Anne Purcell – duine de stiúrthóirí Chór Náisiúnta na nÓg.

Bhí ard-chaighdeán amhránaíochta & ceol córach ag an gceolchoirm. Ní fhéadfá suí sa lucht féachana gan áileacht an cheoil, na hamhránaíochta agus na guthanna gleoite a aithint. Tá ard-mholadh ag dul do na páistí as cé chomh maith is a chanadar ar an oíche.

Bhí an clár amhráin deacair & dúshlánach, le píosaí ceoldrámata, clasaiceach, reiligiúnach, traidisiúnta agus coiteann á gcanadh i gcúig teanga éagsúil – Gaeilge, béarla, laidin, fraincís agus iodálais! Sár-oíche ceoil a bhí ann, oíche a mhairfidh le cúnamh Dé, i ndea-chuimhní na ndaltaí agus a dtuismitheoirí ‘sna blianta amach rompu.

Clár na Ceolchoirme

  1. Singing in the Rain  NH Brown
  2. Ceol a Mhála    Traidisiúnta
  3. O Waly Waly     Traditional
  4. Pilgrims’ Chorus   Richard Wagner
  5. Níl Sé ‘na Lá      Traidisiúnta
  6. Barcarolle   Jacque Offenbach
  7. Maidin i mBéara/Danny boy   Traidisiúnta
  8. Can You Hear Me?  Bob Chilcott
  9. The Heavenly Aeroplane  John Rutter
  10. Mo Ghrá Thú, a Thiarna  Liam Lawton
  11. Colours of the Wind   Alan Menken
  12. Ombra Mai Fu  George F. Handel
  13. Éist a Stór Máire Breathnach
  14. Cantate Domino! Alleluia! Cristi Cary Miller
  15. Negro Spiritual Medley
  16. What a Wonderful World Thiele & Weiss

26 Aibreán 2013

CUARDACH



ROGHA TEANGA