07 Márta 2018
CUMANN NA MBUNCOL – IOMÁINT & CAMÓGAÍOCHT
Tá tús curtha anois leis an traenáil iomána agus camógaíochta ón mhí seo caite. Bíonn na buachaillí i mbun traenáil roimh am scoile (8:15-8:45rn) gach Luan agus bíonn na cailiní ag treanáil i ndiaidh am scoile (2.40-3.20in) ar an lá céanna.
Tabharfaidh foireann na mbuachaillí aghaidh ar Scoil Bhríde (Carraig an tSionnnaigh), Scoil Mhuire (Baile an Bhóthair) agus Scoil Lorcáin (Baile na Manach) sna réamhbhabhtaí. Imreoidh na cailíní i gcoinne Scoil Olaf (Baile Amhlaoibh), Scoil Attracta (Baile na tSaoir) agus Gaelscoil Chnoc Liamhna.
IOMÁINT INTI – CORN ANDY GIBBONS – R3
Tá R3A agus R3B ag glacadh páirt i gComórtas Inti Iomána Corn Andy Gibbons le mí anuas. Chríochnaigh R3B (An Múinteoir Mac Niallais) ar bharr Grúpa A ar 48 bpointe. Bhí Holy Trinity B (44 phointe) sa dara háit, St. Mary’s (34) sa tríú háit agus R3A (An Múinteoir Ní Bháille) sa cheathrú háit ar 33 phointe. Dá thoradh ar sin, shroich an dhá rang craobh amach i gcoinne na foirne a chríochnaíonn sa chéad agus ceathrú háit i nGrúpa B. Tá cluichí fós le n-imirt i nGrúpa B.
LÉIG PEIL SINSEAR NA MBAN – CLUICHE LEATH AMA
Is cúis bhród don scoile gur roghnaíodh beirt cailín – Zoe Nic Riobaird (R6B) & Ingrid Ní Bhroin (R6A) – le n-imirt ar son foireann peile Cumann na mBunscol BÁC i gcoinne Corcaigh i bPáirc an Chrócaigh ar 10 Feabhra. D’imir siad ag leath ama i gcluiche Peil Sinsear na mBan idir na contaetha céanna.
…………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………………..
26 Deireadh Fómhair 2017
Craobhacha Peile Chumann na mBunscol
COMHGHÁIRDEACHAS LE PEILEADÓIRÍ NA SCOILE
Bhí an-lá go deo ag daltaí Ghaelscoil Thaobh na Coille ar an Déardaoin an 26 Deireadh Fómhair nuair a thug daltaí sinsearacha na scoile aghaidh ar Pháirc an Chrócaigh do chraobhacha peile Chumann na mBunscol.
Bhí Foireann na mbuachaillí ag imirt in aghaidh Scoil Neasáin, Baile Harman i gcomórtas Chorn Mhic Chaoilte agus bhí foireann na gcailíní ag imirt in aghaidh Scoil Naomh Olaf ar son Sciath an Chladaigh i gcomórtas Corn an Chladaigh.
Cuireadh fáilte ollmhór roimh an dá fhoireann nuair a thángadar ar ais chun na scoile leis an gcorn agus an sciath agus chuaigh na páistí ar fad abhaile sona sásta an lá sin le oíche soar ó obair bhaile!
Buíochas mór leis na múinteoirí Maoilíosa Ó Dubhthaigh, Rónán Mac Niallais, Clíona Seoighe agus Karl Priestley as an t-am a thugann siad leis na páistí a thraenáil agus le freastal ar chluichí.