B.Á.C. Abú

Cuairt ó Lauren Nic Aoidh le Corn Brendan Martin

Comhghairdeachas le Foireann Peile na mBan B.Á.C. as Craobh Peile na hÉireann 2017 a bhuachaint. Comhgháirdeachas mór milteach go speisialta le Lauren Nic Aoidh iar-scoláire de chuid na scoile as an sár-imirt a rinne sí do B.Á.C. i bPáirc an Chrócaigh.

 Is deirfiúr í Lauren  le Cillian i R3A & Nathaniel i N2B

Tháinig Lauren isteach ar cuairt chun na scoile le labhairt leis na páistí agus Corn Brendan Martin a thaispeáint dóibh.

Bronntar Corn Breandán Ó Máirtín ar bhuaiteoirí craobh na hÉireann i bpeil na mban, is ionann é agus Corn Sam Mac Uidhir i bpeil na bhfear.   Ainmníodh an Corn in ómós Breandán Ó Mairtín, ón Tulach Mhór i gCo. Ua bhFáilí a d’eagraigh cluichí peil na mban ‘sna seachtóidí luath agus a bhí mar chisteoir ar Chumann Peil Gaelach na mBan ‘sna blianta tosaigh.

 

Mar comhthárlúint tá beirt ghar-nia agus gar-neach de chuid Breandán Ó Máirtín ag freastal ar Ghaelscoil Thaobh na Coille faoi láthair agus bhíodar thar a bheith sásta an deis a fháil griangraf a ghlacadh le Lauren Nic Aoidh agus corn a sean-uncail.

Deich mbliana ó shin d’imir Lauren i bPáirc an Chrócaigh ar fhoireann Ghaelscoil Thaobh na Coille i gcraobh peile Chumann na mBunscol.

Cá bhfios cé hiad na daltaí atá ag freastal ar an scoil faoi láthair a bheidh ag imirt ar son Bhaile Átha Cliatha amach anseo. Táimid an-bhródúil go deo as ár laoch Lauren.

CUARDACH



ROGHA TEANGA